Coláiste Oiriall 2-12 St. Kevin’s, Lios na Scéithe 1-11
Lá peile stairiúil eile ag Coláiste Oiriall ar 4ú Bealtaine nuair a d’ardaigh Jeaic Ó Cearbhalláin agus Reuben Ó Sirideán Corn Mhic an Bhaird don dara bliain as a chéile i bPáirc Naomh Thiarnach, Cluain Eois.
Bhí cabhair na gaoithe ag buachaillí Choláiste Oiriall sa chéad leath ach thosaigh siad mall go leor in ainneoin de seo. Ní raibh mórán idir na foirne ag deireadh an chéad ráithe, Col Oiriall 0 -3 agus St. Kevins 0-2 – cúilíní an duine ó chiceanna saora ag Éanna Ó hAilín agus Jeaic Ó Cearbhalláin agus cuilín eile ón imirt ó Chillian Haicéad. Baineadh gortú as Reuben Ó Sirideán agus b’éigean dó páirc na himeartha a fhágáil ar feadh deich mbomaite, tháinig Joe Ó Fearail na tríú bliana isteach ina áit don tréimhse seo.
There was little between the teams at the end of the first quarter with Oiriall a point ahead – a point each from free kicks from Éanna Ó hAilín and Ó Cearbhalláin and a point from play from Cillian Haicéad. Ó Sirideán received an injury and had to leave the field of play for ten minutes.
Oiriall assumed control in the second quarter scoring 1-2 without reply – with the goal coming from Daithí Ó hAilín. He followed the ball into the square and drove it home to the net with his fist. His brother Éanna contributed the two points. St. Kevin’s however exploited a few mistakes from the Oiriall lads, resulting in 1-2 for them. The half time score read Coláiste Oiriall 1-6, St. Kevin’s 1-5.
Ghlac Coláiste Oiriall seilbh ar an chluiche sa dara ráithe, ag aimsiú 1-2 gan fhreagra, an cúl ag teacht ó Daithí Ó hAilín. Lean sé liathróid ard isteach sa chearnóg agus thiomáin sé abhaile é lena dhorn. Roimhe sin, d’aimsigh a dhearthair Éanna dhá chúilín eile ó chiceanna saora. An scór anois Col Oiriall 1-5, St. Kevins 0-3.
Ach taobh istigh de cheithre bhomaite díreach roimh leath ama, d’aimsigh an fhreasúra 1-2 agus iad ag baint tairbhe as cúpla botún ó bhuachaillí Choláiste Oiriall. Shocraigh siad iad féin síos áfach agus fuair Éanna an scór deireanach den leath ó chic saor eile, ag fágáil an scór leath ama ná Coláiste Oiriall 1-6, St. Kevins 1-5.
Rinneadh ionadaí ag leath ama, Joe Ó Fearail ag teacht isteach in áit Fiachra Ó Roideáin. Lean St. Kevins leo ag tús an dara leatha le trí chúilín chun iad a chur chun tosaigh don chéad uair sa chluiche, agus an ghaoth ag a ndroim don dara leath. Níor chrom Coláiste Oiriall a gcloigne áfach, agus de réir a chéile tháinig siad ar ais le 3 chúilín ó Éanna, arís ó chiceanna saora. Ansin tháinig an ghluaiseacht chinniúnach ar 18 bhomaite nuair a bhog Coláiste Oiriall an liathróid suas an páirc idir na láimhe. D’oscail rud beag spáis suas ós comhair Cillian Ó Haicéad agus scaoil sé urchar isteach san eangach chun ceithre chúilín a chur idir na foirne.
Rinneadh ionadaí ag leath ama, Joe Ó Fearail ag teacht isteach in áit Fiachra Ó Roideáin. Lean St. Kevins leo ag tús an dara leatha le trí chúilín chun iad a chur chun tosaigh don chéad uair sa chluiche, agus an ghaoth ag a ndroim don dara leath. Níor chrom Coláiste Oiriall a gcloigne áfach, agus de réir a chéile tháinig siad ar ais le 3 chúilín ó Éanna, arís ó chiceanna saora.
Tháinig an ghluaiseacht chinniúnach ar 18 bhomaite nuair a bhog Coláiste Oiriall an liathróid suas an páirc idir na láimhe. D’oscail rud beag spáis suas ós comhair Cillian Ó Haicéad agus scaoil sé urchar isteach san eangach chun ceithre chúilín a chur idir na foirne.
B’shin mar a d’fhan an bearna go dtí an deireadh, an dá fhoireann ag roinnt an sé chúilín deireanacha. D’aimsigh Éanna Ó hAilín dhá chúilín eile, ceann ó chic saor agus ceann álainn eile ar a chiteog ón imirt le cúilín galánta eile ón imirt ó Reuben Ó Sirideáin eatarthu.
B’shin mar a d’fhan an bearna go dtí an deireadh, an dá fhoireann ag roinnt an sé chúilín deireanacha. D’aimsigh Éanna Ó hAilín dhá chúilín eile, ceann ó chic saor agus ceann álainn eile ar a chiteog ón imirt le cúilín bhreá eile ón imirt ó Reuben Ó Sirideáin eatarthu.
Bhí laochra ann fud fad na páirce i marún do Choláiste Oiriall inné. Stiúraigh Oisín Ó Raghallaigh sna cúil agus an lánchúlaí Mark Ó Cléirchín na cosantóirí go smior, Max Ó Mealláin agus Néal Ó Coigligh ag obair go dian i rith an chluiche le cinntiú nach raibh mórán deiseanna scórála ag St. Kevins. Bhí Donnacha Ó hAnlúin ar fheabhas ag uimir a sé, le tacaíocht iontach sa líne leath-chúil ó Sheán Ó Casaide agus Cian Ó Murchú. Rinne Aodhán Ó Dughaill obair na gcapall i lár na páirce, agus lig seo do Jeaic Ó Cearbhalláin, Cillian Ó Haicéad agus Reuben Ó Sirideáin dul ar an ionsaí go minic agus gluaiseachtaí a thosnú.
D’oibrigh Fiachra Ó Roideán agus Michael Mac an Fhailí go dian, Michael go minic mar nasc idir na cosantóirí agus na tosaithe.Thuill sé cártaí buí dó féin roimh leath ama, an t-aon cárta buí sa chluiche sílim. Rinne Joe Ó Fearail difríocht ollmhór nuair a tháinig sé chun páirce. D’aimsigh Daithí Ó hAilín cúl iontach fosta. Caithfimid aitheantas faoi leith a thabhairt do Éanna Ó hAilín, duine de sheisear ó chumann Charraig Mhachaire Rois a d’imir sa chluiche. Scóráil Éanna naoi gcúilín sa chluiche seo, taispeántas do-chreidte agus foirstineach don ócáid agus don staid ina raibh muid inné.
Another historic day for Coláiste Oiriall when Jeaic Ó Cearbhalláin and Reuben Ó Sirideán raised the Under19 Ward Cup for the second successive year in St. Tiarnach’s Park, Clones in May 2023.