TUAIRISC AR CHRUINNIÚ BHORD BAINISTÍOCHTA CHOLÁISTE OIRIALL – 06 MEÁN FÓMHAIR, 2022
Tuarascáil an Phríomhoide Eagrófar trialacha éirime do na ranganna Idirbhliana ar 21ú Meán Fómhair. Eagraíodh tionól do na sóisir agus tionól eile do na sinsir san Amharclann. Beidh Cruinniú Eolais do thuismitheoirí dhaltaí na chéad bhliana san Amharclann Déardaoin seo.Tá muid ag súil le Lá Spóirt Scoile a eagrú ar an 20ú lá Meán Fómhair. Beidh lá oscailte do dhaltaí rang 6 Dé Sathairn, 22 Deireadh Fómhair agus beidh oíche oscailte do thuismitheoirí oíche Mháirt, 25 Deireadh Fómhair. Tá an Clár Socrú Isteach ag leanstan ar aghaidh faoi láthair.
Turais Eagrófar turas thar sáile do lucht na hIdirbhliana go Barcelona idir Déardaoin, 20 Aibreán agus Dé Domhnaigh, 23 Aibreán 2023.
Teagasc agus Foghlaim Baineadh amach cuid mhaith den na spriocanna a leag muid síos anuraidh. Cuireadh leathanaigh A3 leis na heagraithe grafacha is cuidiúla i ngach seomra ranga. D’oibrigh na liosaí tearmaíochta go maith agus bhain na daltaí úsáid astu go minic. In áit leathanaigh tearmaíochta a phriontáil agus a ghreamú isteach i gcóipleabhair na sóisear, bheadh sé níos fusa na leathanaigh ag cúl an chóipleabhair a chur ar leathaobh do na liostaí seo. Tá níos mó ama teagmhála de dhíth ag an choiste leis an fhoireann ar fad. Ní leor 15 bomaite ag gach chruinniú foirne mar níl siad rialta go leor. Moladh roinnt cruinnithe a athrú ar an fhéilire le freastal ar seo agus am sa bhreis a chur leathaobh don choiste teagaisc agus foghlama le déanamh réidh do na cruinnithe seo. Ba mhaith leis an choiste leanstan ar aghaidh leis na fhocás comhroinnt. Ba mhaith leis an Chomhordaitheoir Teagaisc agus Foghlaime a bheith níos gníomhaí ó thaobh acmhainní / stráitéisí teagaisc agus foghlama a roinnt leis an fhoireann. Aontaíodh go raibh áit lárnach de dhíth chun acmhainní teagasc agus foghlaim a chruinniú le chéile.
An Ardteist Fheidhmeach Tháinig Mairead Hennelly ón PDST isteach an chéad lá ar ais le cur síos a dhéanamh dúinn ar an chúrsa, Ardteist Fheidhmeach (LCA) le feiceáil an mbeadh sé ina fhéidearacht an cúrsa a thabhairt isteach sa scoil. Caithfidh Coláiste Oiriall oibriú amach an mbeadh sé fiúntach, an mbeadh sé ag freastal ar dhaltaí áirithe sa scoil, an mbeadh éileamh air, an bhfuil an leathroinnt múinteoirí again, an mbeadh daltaí níos fearr le hArdteist, an mbeadh muid ag cuidiú le folláine agus sláinte intinne roinnt daltaí dá mbeadh teacht acu ar an Ardteist Fheidhmeach. Tá múinteoirí i bhfách leis i bprionsabal.
Torthaí Scrúduithe Ardteiste Fuair seachtar as an 58 scoláire os cionn 600 pointe CAO agus fuair 19 scoláire eile idir 500 agus 600 pointe. Fuair 47% nó 26 de scoláirí Choláiste Oiriall os cionn 500 pointe agus 77% nó 43 dalta os cionn 400 pointe. Fuair 32 scoláire nó beagnach 60% H1 sa Ghaeilge. Is é 468 pointe an líon meánach pointí CAO a bhí ag scoláirí Oiriall
Nótáil Polasaithe Rinne an Bord Bainistíochta nótáil ar na polasaithe seo a leanas: CMETB Data Processing Policy, CMETB Credit Card Policy CMETB Travel Policy and Procedures
Daingniú Polasathe athbhreithnithe Daingníodh na polasaithe seo a leanas: Beartas Freastail, Polasaí Úsáid Inghlactha, Polasaí Riachtanais Speisialta Oideachais, Polasaí maidir le Cúntóirí Riachtanais Speisialta, Beartas Frithbhulaíochta agus Beartas Ligint Isteach. Ullmhaíodh Fógra Bliantúil maidir le hIontrálacha don scoilbhliain 23-24.
Gnóthaí Scoláirí Ceapadh na cinnirí agus Ardchinnirí, tá Comhairle Daltaí nua le toghadh agus cuireadh na Cuiditheoirí Idirbhliana in aithne do lucht na chéad bhliana ag tionól.