Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

TUAIRISC AR CHRUINNIÚ BHORD BAINISTÍOCHTA CHOLÁISTE OIRIALL – 08 NOLLAIG, 2021

Comhbhrón: Rinneadh comhbhrón le Aoife Uí Leannáin ar bhás a deirfiúr, Samantha, i Leamhcan, Baile Átha Cliath ar 6ú Samhain. Riunneadh comhbhrón fosta le tuismitheoirí Samantha, Johnny and Margaret agus a deirfiúr eile, Ruth agus a deartháir, Feargal. Go ndéana Dia trócaire ar a hanam. 

Tuarascáil an Phríomhoide Reáchtáladh Cruinnithe Tuismitheoirí do lucht na 6ú bliana agus do lucht na 5ú bliana ar Microsoft Teams. Ghlac tríocha luthchleasaí páirt in Ócáid Trastíre na nIarbhunscoileanna i Finn Valley, Sraith an Urláir. Tháinig Aobhín Nic Cormaic san naoú háit i rása Trastíre na hÉireann, 4,000m i Gowran, Co. Chill Chainnigh. Tá cúigear dalta ón scoil roghnaithe ar phaineál mionúir na condae. Rinne Peadar Ó Lamhna, Abhcóide ceardlanna dlí le lucht na hIdirbhliana trí Ghaeilge agus rinne Tessa Fleming, iriseoir le BBC Gaeilge ceardlann iriseoireachta leo fosta trí Ghaeilge. D’fhreastail tríocha cailín ón Idirbhliain ar cheardlann a d’eagraigh Amharclann na Mainistreach agus Lir Acadamy maidir le amharclannaíocht theicniúil. Thug daltaí sinsearacha atá g plé le hAdhmadóireacht, Innealtóireachta agus Grafaicí cuairt ar Combilift. Léirigh an scoil tacaíocht do phobal LGBT le linn Stand-Up Awareness Week. D’eagraigh muid ceardlanna meabhairshláinte do roinnt bliainghrúpaí:  Ióga Féinmheas, Teiripe Dathú agus Aireachas. Bhí searmanas againn le comóradh a dhéanamh ar lá breithe Mhaitiú Mac Thoirealaigh nach maireann. 

Ráiteas Rialú Inmheánach Tá an ráiteas seo mar mhír sheasta ar an chlár ag cruinniú an Bhoird Bhainistíochta gach bliain i dtaca le comhlíonadh na scoile sa bhliain féilire sin. Ar an fhoirm dhearbhaigh an Príomhoide/Rúnaí an Bhoird chomh fada agus is eol dó gur chloígh Coláiste Oiriall leis na ceanglais agus leis na dualgais uile atá leagtha amach i Lámhleabhar an Bhoird Bhainistíochta do Bhoird Oideachais agus Oiliúna, Boird Bhainistíochta Scoileanna BOO agus Choláistí Pobail agus beartais agus nósanna imeachta BOO an Chabháin agus Mhuineacháin in 2021.

Teagasc agus Foghlaim Roinn ceathrar múinteoir saineolas leis an fhoireann ag an chruinniú deireanach múinteoirí. Luaigh Niamh Ní Bhroin go bhfuil stráitéis foghlama aici maidir leis na céimeanna is fearr chun téarmaí agus focail nua a chur de glanmheabhair. Labhair Roisin Uí Threinéir ar Padlet agus cé chomh maith agus fiúntach is atá sé. Fiosróidh sí an costas.  Labhair Aoife Uí Leannáin ar cé chomh maith is a oibríonn Kahoot ina rang chomh maith. Tá Roisin Uí Choinn ag plé leis an Fhéinmheastóireachta Scoile/an Phlean Feabhsúcháin Scoile agus rinneadh plé ar na cuspóirí atá ann. Chuir Bríd Ní Bhraoin síos ar an leabhrán eagraí graificí agus faoi dhea-chleachtas maidir le teagasc na n-eochairfhocal.

Tuairisc ó Chomhairle na nDaltaí/Cinnirí Bhí olltogcháin ann ar líne chun an coiste a cheapadh - beirt as gach bhliainghrúpa agus ceapadh Cathaoirleach, Leas-Chathaoirleach, Rúnaí agus Oifigeach Chaidrimh Phoiblí. Chuaigh triúr chuig Comhdháil ISSU sa Hillgrove agus ghlac siad faoi oiliúínt breise. Tá feachtas á reachtáil acu chun cárta aitheantas mic léinn a fháil do na daltaí sa scoil - cárta ISIC.  Pléadh bunreacht Chomhairle na nDaltaí agus rinneadh mionathraithe ionas gur féidir leis an toghchán bheith ar líne. Tá an coiste ag cur suirbhé le chéile faoin cheaintín maidir le praghasanna agus rogha bia le fáil amach cad é atá na daltaí ag iarraidh ón cheaintín. Cuireadh liosta moltaí le chéile maidir leis an Choiste Glas.

 

 

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344