TUAIRISC AR CHRUINNIÚ BHORD BAINISTÍOCHTA CHOLÁISTE OIRIALL – 09 MÁRTA, 2022
Comhbhrón leis an Mhúinteoir Meabh Nic an tSaoir ar bhás a máthar mhóir Angela Collins, Doire agus leis an Mhúinteoir Hannah Uí Thoirealaigh ar bhás a hathar mór, Pat McQuaid, An Bhoth. Comhghairdeas leis an Mhúinteoir Niamh Ní Bhroin agus Gerard Loye a pósadh ag agus len ár mball boird, Una Ní Chorráin agus Brian Dunne, a pósadh le gairid
Tuarascáil an Phríomhoide Tá na srianta Covid-19 imithe go hiomlán ó scoileanna. Ciallaíonn sin nach bhfuil bunsheomraí ag na ranganna, go mbailíonn siad le chéile sa Seomra Caidrimh ar maidin. Athraíodh troscán sna seomraí agus tá ceithre nó sé thábla grupáilte le chéile chun obair ghrúpa a éascú. Tá an Seomra Staidéir ag feidhmiú mar Sheomra Caidrimh do lucht na 6ú bliana agus istigh ansin tá panini makers, toasted sandwich makers and microwaves. Osclóidh muid Seomra Céadfaí darbh ainm Nead an tSuain. Thosaigh daltaí Idirbhliana faoi stiúir an Mhúinteoir Feargal ag obair agus ag garraíodóireacht sa Gharraí Glas don chéad uair an tseachtain seo chuaigh thart. Tá polathollán ann le ceapacha ardaithe istigh agus amuigh, tá binsí picnic, cró uirlisí, neart uirlisí, crainn agus toir agus bláthanna fiáine agus seomra ranga chois claí. Tá Seomra Físchomhdhála ann anois. Tá na microfóin scaipithe thart sa síleáil. Tá ceamara ag bun an tseomra agus ceamara ag barr an tseomra agus tá teilifíseán 86 orlach ann.
Imeachtaí Spóirt Fuair Coláiste Oiriall an bua ar Mheánscoil Lughaidh, Carraig Mhachaire Rois le 26 phointe in aghaidh 21 pointe chun an chraobh faoi 19B (cailíní) a bhaint i gcluiche ceannais Shraith an Oirthuaiscirt de Chispheil Éireann i gCarraig Mhachaire Rois. Bhuaigh cailíní Choláiste Oiriall Craobh Uladh faoi 20B agus Corn McNally in éadan Scoil Ghramadaí Mhuire, Machaire Fíolta. D’éirigh le ceathrar ón scoil Gradam Uile-Réalta nó All-Star a bhaint amach. Imreoidh foireann peile buachaillí faoi 19 i gCraobh Uladh den Chorn Mhic an Bhaird (Ward Cup) in éadan Ghairmscoil Chú Uladh, Béal an Atha Mhóir, Co. Dhún na nGall.
Teagasc agus Foghlaim Cuireadh roinnt straitéisí foghlama chun tosaigh ag tús na bliana - stórfhocail agus eagraí grafacha go príomhá. Rinne Bríd agus Niamh cur i láthair ag cruinniú foirne ag léiriú samplaí agus mhínigh siad bealaí gur féidir le múinteoirí na hacmhainní a bhí curtha le chéile a úsáid i mbealach éifeachtach. Moladh balla focal a chur le chéile i ngach seomra ag táispeáint eochairfhocal. Tá eagraí grafacha in úsáid go forleathan ó shin ag cuid mhaith múinteoirí le cur le foghlaim na ndaltaí. Tá comhroinnt ar siúl go minic le múinteoirí ag roinnt acmhainní a rinne siad dearadh orthu agus stráitéisí a d’úsáid siad go héifeachach.
Comhairle na nDaltaí Tá an coiste ag treisiú a nasc leis an ISSU (Irish Secondary Students Union) i rith an ama. D’fhreastail triúr den choiste ar an Chomhdháil san Ostán Hillgrove, áit ar ghlac siad faoi thraenáil ar mheabhairshláinte agus phléigh siad na fadhbanna os comhair aic léinn sa lá atá inniu ann. Scaip siad suirbhé ar shon an ISSU chuig gach dalta sa scoil agus bhí deis acu a dtuairimí ar na socruithe scrúduithe a léiriú. Tá comhdháil eile ar líne i mí Aibreán agus suim ag dornán daltaí freastal air chomh maith.
Dul chun cinn digiteach sa scoil Cuireadh 18 dteilifís isteach i seomraí le linn na seachtaine. Fuarthas réiteáil de na cláracha bána cliste agus de na hosteileagóirí. Tá trollaí úr de ghléasanna ceannaithe againn. Is Probooks atá i gceist - meascán de ríomhairí glúine agus de Surface Go atá i gceist. Tabharfar amach na ríomhairí atá ag barr na seomraí ranga.
Athbhreithniú an Bhoird ar an pholasaí maidir le caomhnú leanaí Rinne an Bord athbhreithniú ar pholasaí na scoile maidir le caomhnú páistí a thabhairt chun críche i gcomhréir leis an “Seicliosta don Athbhreithniú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí”