Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

TUAIRISC AR CHRUINNIÚ BHORD BAINISTÍOCHTA CHOLÁISTE OIRIALL – 09 MEITHEAMH, 2022

Tuarascáil an Phríomhoide Roghnaíodh Áine Ní Dhufaigh mar Mhac Léinn na Bliana. Bronnadh ar Shadhbh Ní Thréinfhir, Conor Ó Learnaí agus ar Scarlett Ní Earáin faoi seach na Gradaim le haghaidh Scoláire Sóisearach na Bliana, Duais an Phríomhoide agus Réalta Spóirt na Bliana ag Searmanais Bhronnadh na nGradam. Chaith tríocha dalta de chuid na hIdirbhliana oíche ag Gleann an Chladaigh taobh le sléibhte Chuilcí. Thosaigh 57 dalta na scrúduithe Ardteiste inné agus thosaigh 59 dalta scrúduithe na Sraithe Sóisearaí. Tá triúr múinteoir sa scoil ag tabhairt faoi chlár Erasamus faoi láthair, dar teideal WikiWomen. Chaith siad dhá oíche i mí na Márta san Olláin agus caithfidh siad dhá oíche ag deireadh na míosa seo i reigiún na mBasach faoi oiliúnt. Is é cuspóir an chláir ná mná a bheith níos lárnaí nuair atá beathaisnéisí daoine móra le rá a scríobh i miontheangacha. Tá Aobhín Nic Cormaic roghnaithe ar fhoireann luthcheasaíochta Uladh sa chomórtas idirchúigí chun teacht aníos le foireann na hÉireann. I ndiaidh é a phlé leis an mheánbhainistíocht tá muid ag smaoitiú ar an Ardteist Fheidhmeach (LCA) a thabhairt isteach sa scoil. Beidh muid ag tabhairt faoi inseirbhís foirne luath sa scoilbhliain úr le feiceáil an mbeadh sé buntáistiúil nó realaíoch.

Bainistíocht agus Ceannaireacht – athbhreithniú ar róil agus ar fhreagrachtaí Chuir an Príomhoide teimpléad den doiciméad Tuarascáil Bhliantúil chun Bonn Eolais a chur faoin Athbhreithniú chuig gach sealbhóir poist- doiciméad tuairiscithe a líon gach duine acu amach. Bhí na tuairiscí bliantúla seo mar bhonn eolais don athbhreithniú seo. Mhair na cruinnithe athbhreithnithe suas le leath uair a chloig agus pléadh dul chun cinn sna réimsí freagrachta, an ról i gcomhthéacs riachtanais shíorathraithe na scoile agus forbairt ghairmiúil. Ina dhiaidh sin leagadh róil agus freagrachtaí gach sealbhóra phoist amach sa Ráiteas Ról agus Freagrachtaí agus postálfar ar chlár fógraí na foirne liosta de na sealbhóirí poist, leibhéal a bpost agus achoimre ar a róil agus freagrachtaí. D’fhéadfadh leis an Bhord ath-eagar a dhéanamh ar na róil ó am go ham chun riachtanais agus tosaíochtaí síor-athraithe ceannaireachta agus bainistíochta na scoile a chomhlíonadh.

Íocaíochtaí Scoláirí D’iarr an Príomhoide cead ar an Bhord na híocaíochtaí seo a leanas a bhailiú ó na scoláirí/ó thuismitheoirí scoláirí. Eagraíonn Coláiste Oiriall Scéim Leabhar ar Cíos ón chéad bhliain i rith an bhealaigh suas go dtí an 6ú bliain. Íocann tuismitheoirí €90 go bliantiúil as Scéim na Leabhar do na téacsleabhair agus do na leabhair saothair. Íocann siad táille €60 fosta do Sheirbhísí Scoláirí. Bíonn táille de €30 le híoc ag tuismitheoirí do gach ábhair praiticiúil (Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, Innealtóireacht agus Adhmadóireacht) a dhéanann scoláire - neamhspleách ar na táillí thuas. Íocann tuismitheoirí lucht na hIdirbhliana €250, ina dtráthdchuideanna más mian leo.

Ag údarú an Phríomhoide fionraí a chur i bhfeidhm Thug an Bord údarás don Phríomhoide fionraíocht a ghearradh ar scoláire ar feadh suas le trí lá sa chéad scoilbhliain eile (2022-23). Tá an t-údarú seo a thaifeadadh i miontuairiscí chruinniú Boird na hoíche anocht. Aithníonn an Bord Bainistíochta  gur chóir an cheist a chur faoina mbráid má táthar ag moladh fionraíocht níos faide ná trí lá do scoláire ach toileann an Bord fosta údarás a thabhairt don Phríomhoide fionraíocht suas le cúig lá a ghearradh le linn na scoilbhlina seo chugainn (2021-22) i gcomhar leis an chathaoirleach sa chás nach dtig cruinniú de chuid an Bhoird a ghairm in am caoithiúil. Tá an t-údarú seo a thaifeadadh i miontuairiscí chruinniú Boird na hoíche anocht fosta.

 

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344