TUAIRISC AR CHRUINNIÚ BHORD BAINISTÍOCHTA CHOLÁISTE OIRIALL – 19 BEALTAINE, 2022
Tuarascáil an Phríomhoide
B’í Grace Nic Cormaic an mórbhuaiteoir náisiúnta sa chomórtas tionscnaimh a d’eagraigh Tithe an Oireachtais. Is iad Coláiste Oiriall Seaimpíní Chraobh na hÉireann i gComórtas Thráth na gCeist Feachtas. Bhuail Coláiste Oiriall Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Mhóir i gCraobh Uladh de chomórtas Iarbhunscoileanna Dankse Bank faoi 19 chun Corn Mhic an Bhaird a bhaint. Bronnadh gradaim Uile-Réalta Iarbhuncoileanna na gCailíní ar cheathrar scoláire ó Choláiste Oiriall. Fuair cúigear iarscoláire gradaim Ardghnóthachtálaithe Acadúla Scoláirí Iontrála UCD, fuair beirt scoláire Scoláireachtaí Theach na Gaeilge agus fuair scoláire amháin, Scoláireacht Chothrom na Féinne. D’oscail muid seomra na gcéadfaí, ar a dtugtar Nead an tSuain, chun Lá Tuigbheála na Néara- Éagsúlachta a cheiliúradh. Bhuaigh an fhoireann cailíní faoi 20 Craobh na hÉireann Lidl Iarbhunscoileanna Sinsear B don chéad uair ariamh. Ghlac daltaí na 6ú bliaina sa tsiúlóid I dTreo an tSolais, agus muid ag smaoitiú ar ár gcara, Maitiú, a fuair bás cothrom na seachtaine seo bliain ó shin. Bhronn an tAire Oideachais, Norma Foley, duais ar Shinéad Ní Phronntaigh mar go bhfuair sí an darna háit sa rannóg Gaeilge den Chomórtas Scileanna Gairme a d’eagraigh Careers Portal agus AIB. Bhuaigh triúr dalta de chuid Choláiste Oiriall an chéad trí áit i roinn na sinsear do lucht iarbhunscoileanna i gcomórtas aistí staire, dar teideal Deich mBliana na gCuimhneachán, a reáchtáil Comhairle Contae Mhuineacháin. Bhronn Charlie Vernon, iarpheileadóir Ard Mhacha, na boinn Uladh agus boinn Chraobh na hÉireann ar na girseacha faoi 20B agus bhronn sé na boinn ar na gasúraí faoi 20 a bhuaigh Craobh Uladh agus Corn Mhic an Bhaird ag féasta in Óstán an Westenra.
Bainistíocht agus Ceannaireacht – athbhreithniú ar róil agus ar fhreagrachtaí Leanadh leis an phróiseas athbhreithnithe mar atá leagtha amach i gCuid 4 den Chiorclán 03/18. Bhí cruinniú foirne ann agus gan ar an chlár oibre ach róil agus freagracthaí shealbhóirí postanna agus riachtanais agus tosaíochtaí na scoile. Bunaíodh tascfhórsa de sheisear agus tháinig an siad aníos le liosta aontaithe riachtanas agus tosaíochtaí don scoil ag cur san áireamh áiseolas na múinteoirí. Chuir an tascfhórsa dréachtliosta riachtanais agus tosaíochtaí ar chlár na bhfógraí. Tugadh cuireadh do mhúinteoirí tuairimí a léiriú, tháinig an tascfhórsa le chéile arís chun amharc ar thuairimí na múinteoirí agus thug siad chun críche dréachtliosta de riachtanais agus de thosaíochtaí na scoile. Cuireadh an dréachtliosta faoi bhráid an chruinnithe.
Dul chun cinn digiteach sa scoil Cuireadh 9 dteilifís breise isteach ó bhí cruinniú Mhárta againn. Cuireadh an chuid ab fhearr de na ríomhairí a bhí ag barr na seomraí ranga isteach sa Ríomhlann L23 agus cuireadh dóigh orthu. Rachaidh an chuid eile acu fá choinne athchúrsála. Bhí moill fhada ar na Probooks ach tá siad againn anois – 34 acu – 28 acu le dul ar throllaí agus seisear acu fá choinne múinteoirí nó ionadaithe nó mic léinn tríú leibheál atá i gceist. Tugadh cuireadh do chúigear dalta páirt a ghlacadh i gCraobh na hÉireann de MOS (Microsoft Office Specialist) i gceannáras Microsoft i mBaile na Lobhar de bharr feabhas a gcuid scrúduithe ríomhaireachta le linn na hIdirbhliana. Tá muid ag cur isteach cúig nó sé bhinse sealaíochta sa seomra foirne sa dóigh go mbeidh múinteoirí ábalta oibriú go neámhspleách ar a chéile.