Board of Management Report
Tuarascáil an Phríomhoide Bhain an fhoireann sinsir díospóireachta áit i gCraobh na hÉireann amach. Bronnadh gradaim Uile-Réalta Iarbhunscoileanna LGFA ar chúigear scoláire. Chaill Coláiste Oiriall éadan Mheánscoil Iosaef, Béal Easa, Co. Mhaigh Eo i gCorn Náisiúnta Cailíní Sinsir B FAI. Bhain an fhoireann cispheile cailíní faoi 16 boinn cré-umha nuair a bhuaigh siad ar Mheánscoil Mount Anville i mbabhta ceathrú-cheannais na hÉireann. Thug muid isteach daltaí nuachláraithe atá go fóill i rang 6 chun scrúduithe iontrála CAT4 a chur orthu. Fuair iarmhac léinn, Fachtna Mac Conghail, Gradam Taispeántais Iontrála i gColáiste na Tríonóide. Bronnadh an dara háit ar fhoireann teagaisc Choláiste Oiriall sa rannóg Gaeloideachais i nGradaim Barr Feabhais an ETBI. Fuair Aoibhinn Ní Chraoibhín agus Dearbhla Ní Mhearáin fríd go dtí Craobh na hÉireann de Poetry Aloud. Bhuaigh Dearbhla an dara háit agus bhuaigh Saorlaith NicCionna duais speisialta ag craobh ‘Barúil’. Is iad Coláiste Oiriall Seaimpíní Chraobh na hÉireann i gComórtas Thráth na gCeist Feachtas. Thug triúr dalta óráidí os comhair an Choiste na Gaeilge sa Dáil. Bhuaigh an fhoireann sóisir B Cailíní Léig an Oirthuaiscirt B1 agus glacfaidh siad páirt i dturnaimint cáilithe na hÉireann agus beidh an fhoireann mionúir B Cailíní i dturnaimint cáilithe na hÉireann fosta. Bhronn Billy Breen, Bainisteoir Sinsearach Ceantair le Prodigy Learning gradam Ionad Feabhais 2021-2022 ar an scoil mar ar na scrúduithe Microsoft Office Specialist (MOS). Bhí Fiona Ní Mheachair, Roinn Chigire mar éascaitheoir le grúpa fócais mar chéim i bhforbairt polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta. Fuair iar-mhacléinn, Conor Ó Learnaí scoláireachtaí iontrrála UCD.
WikiWomen Chuir muid fáilte oíche Luain roimh mhic léinn iarbhunscoile agus a gcuid múinteoirí ó Friesland san Ollain agus ó Thír na mBascach sa Spáinn atá ag tabhairt faoi thionscadal WikiWomen i gcuideachta mhic léinn ó Choláiste Oiriall chun líon na mbeatháisnéisí ban i dteangacha mionlaigh a ardú ar Vicipéid. Tugadh an-mholadh do na múinteoirí Seán Ó Máirtín, Roisin Uí Choinn agus go speisialta Faela Mhic Dhomhnaill atá mar chomhordaitheoir.
Turais Rachaidh 45 dalta agus 4 múinteoir ar thuras chun Barcelona na Spáinne idir 19 Aibreán agus 22 Aibreán ar thuras oideachais agus béim ar chultúr, oidhreacht, stair agus siamsaíocht. Tá an Bord Bainistíochta toillteanach an litir faofa a chomhlánú ag ceadú an turais (TU4). Rachaidh ceathrar dalta agus múinteoir go Gaeltacht Ghaoth Dobhair le freastal ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge idir Dé Céadaoin, 26 Aibreán agus Déardaoin, 27 Aibreán. Tá an Bord Bainistíochta toillteanach an litir faofa a chomhlánú ag ceadú an turais.
Teagasc agus Foghlaim Tá Coiste Teagaisc agus Foghlama ag obair ar an Fhéinmheastóireachta scoile i gcomhair leis an phobal scoile ina iomlán. Tá láidreachtaí aitheanta agus réimsí a bhfuil feabhas de dhíth tagtha chun solais fosta. Tá roinnt de na spriocanna feabhsaithe aontaithe agus beidh an Coiste agus an fhoireann uilig ag obair ar ghníomhaíochtaí chun na spriocanna a chur i gcrích.
Tuairisc ó Chomhairle na nDaltaí Rinneadh plé ar an cheaintín nua agus mheas baill na Comhairle tuairimí na ndaltaí ar 'Food Kitchen.' Tá na daltaí an-sásta le praghas, caighdéan agus rogha an bhia atá ar fáil. Mhol an Chomhairle gur cheart don scoil tairgí miostrú a chur ar fáil i leithreas na cailíní. Ghlac bainistíocht na scoile leis an mholadh. Tá Comhairle na nDaltaí ag obair ar neart rudaí eile - ag glanadh amach earraí caillte agus faighte, ag déanamh liosta de dhamáiste déanta sna leithreas agus ag athnuachán na gcartaí ISSU.