Board of Management Report
Tuarascáil an Phríomhoide JCT againn roimh an Nollaig, Beidh trealamh úrnua priontála againn roimh dheireadh na míosa, ceardlanna téarmaíochta roimh an Nollaig do lucht na chéad bhliana, d’eagraigh muid Seachtain Folláine, Seachtain Feasachta Cairdis agus Lá Ceiliúrtha, ghlac muid páirt sna díospóireachtaí Concern, Scléip agus sa Spelling Bee, ffoireann sinsearach díospóireachta na scoile i gCraobh na hÉireann, an chéad Seirbhís Charúl ag an Nollaig, beidh muid páirteach i gCraobh Uladh Sacair de pheil na gcailíní faoi 19 in éadan Mulroy College, Baile na nGallóglach, Cruinniú Eolais faoin tSraith Shóisearach do thuismitheoirí lucht na darna bliana maidir leis an JCT, an chéad chruinniú tuismitheoirí beo sa Halla Spóirt idir 4.15 agus 7.15 do thuismitheoirí lucht na chéad bhliana an tseachtain seo chugainn, Food Village ag oscailt an cheaintín Dé Máirt seo chugainn, biachlár leathan acu – níos mó ná 150 rogha ann, íoslodálann daltaí/múinteoirí aip agus ordaíonn siad agus díolann siad as an bhia ar a laghad 36 uair a chloig roimhré, craolfaidh Raidió na Gaeltachta clár beo, Barrscéalta, ar an Déardaoin, 19 Eanáir, ttriailscrúduithe na hArdteiste ag toiseacht Déardaoin, 26ú Eanáir agus triailscrúduithe na Sraithe Sóisearaí an lá dar gcionn trialacha praiticiúla san Innealtóireacht agus sa Staidéar Foirgníochta roimh bhriseadh mheántéarma Feabhra, Lá Spraoi Rang 5 na mBunscoileanna ar an 9ú Feabhra agus beidh baill den Choiste Cúraim ag buaileadh go hindibhidiúil le lucht na tríú bliana an lá dár gcionn
Athbhreithniú ar an Pholasaí Ligint isteach Rinne an Bord athbhreithniú ar pholasaí na scoile maidir ligint isteach nó iontráil. Tá an t-Acht Oideachais (Soláthar maidir le Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu), 2022 tar éis teacht i bhfeidhm. Tá ar gach scoil a bPolasaí Iontrála a leasú. Sé an leasú/athrú atá beartaithe ar Pholasaí Iontrála na scoile: “Déanfaidh [ainm na scoile] aon ordachán a fhreastalófar ar an mbord nó ar an bpátrún faoi alt 37A agus 67(4)(b) a chomhlíonadh.” agus “Oibreoidh Coláiste Oiriall i gcomhar leis an CNOS i gcomhlíonadh a cuid fheidhmeanna ag an gComhairle faoin Acht um Oideachas (Soláthar do Pháistí lena bhfuil Riachtanais Speisialta acu) 2004 lena n-áirítear go háirithe trí rang nó ranganna ar leith a chur ar fáil agus a oibriú nuair a iarrfaidh an Chomhairle orthu á dhéanamh amhlaidh.”
Ráiteas Rialú Inmheánach mír sheasta ar an chlár ag cruinniú an Bhoird Bhainistíochta gach bliain i dtaca le comhlíonadh na scoile sa bhliain féilire sin. Ar an fhoirm dhearbhaigh an Príomhoide/Rúnaí an Bhoird chomh fada agus is eol dó gur chloígh Coláiste Oiriall leis na ceanglais agus leis na dualgais uile atá leagtha amach i Lámhleabhar an Bhoird Bhainistíochta do Bhoird Oideachais agus Oiliúna, Boird Bhainistíochta Scoileanna BOO agus Choláistí Pobail agus beartais agus nósanna imeachta BOO an Chabháin agus Mhuineacháin in 2021.
Teagasc agus Foghlaim: Pléadh an Tuarisic Féinmheastóireachta Scoile agus an Plean Feabhsúcháin ag cruinniú múinteoiríníos luaithe tráthnóna. Rinne Bríd agus Claire cur i láthair ag caint ar Phlean na Bliana seo agus muid ag teacht amach as Covid. Tosaíodh ar an phlé maidir le Féinmheastóireacht scoile agu Plean Feabhsúcháin na Bliana seo chugainn agus an scoil ag toiseacht ar an chéad timthriall trí bliana eile. Caitheadh cuid mhór ama ag díriú ar na gnéithe áirithe den scoil a fheabhsú sa chéad timtriall eile