Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

TUAIRISC AR CHRUINNIÚ BHORD BAINISTÍOCHTA CHOLÁISTE OIRIALL

-07 NOLLAIG 2023

Tuarascáil an Phríomhoide Bhí Carúil na Nollag agus Léachtaí Nollag in Amharclann an Gharáiste. Bhuaigh Somhairle MacConghail an chéad áit sa roinn idirmhéanach agus fuair Saorlaith Nic Cionna and dara háit sa roinn sóisearach de Ghuth na hÉigse in Amharclann Smock Alley Tá an fhoireann sinsearach díospóireachta Gael-Linn imithe fríd go dtí leathchraobh na hÉireann a bheas ar siúl in Óstán na gCeithre Sheasúr anseo Muineachán. Tá triúr scoláire imithe fríd go babhta ceannais na hÉireann den chomórtas aithriseoireachta Béarla, Poetry Aloud, comórtas a eagraíonn Éigse Éireann/Poetry Ireland. D’éirigh le hAoibhinn Ní Chraoibhín a chéad áit a fháil sa rannóg d’amhránaíocht aonair ag an bhabhta reigiúnda de Scléip.Tá ráchairt mhór ar an Chlub Lego agus Robotics. Tá ceann de na foirne Thráth na gCeist ar an aon fhoireann sa chondae a fuair fríd go dtí babhta ceannais na hÉireann de chomórtas Feachtas. Tá na foirne sacair gasúraí faoi 19 agus faoi 17 imithe ar aghaidh go dtí Leathchraobhacha Uladh agus tá foireann pheil Ghaelach cailíní faoi 19 i Leathchraobh Uladh fosta. D’éirigh go breá leis an turas go dtí an Spáinn agus buíochas don chúigear múinteoir a bhí a dtionlacan. Scrúduithe DATS déanta ag lucht na hIdirbhliana. Tá muid páirteach i scéim atá a mhaoiniú ag CAP/REACH agus a riaradh ag Ionad Oideachais Mhuineacháin agus atá ag díriú ar fholláine daltaí sinsearacha. Tiochfaidh tuairisc chuig an Bhord nuair a thiocfas an tuairisc Eibhlín Ní Scannáil ar ais ón Roinn Oideachais.

Scéim Leabhar saor in aisce do scoláirí sóisearacha iarbhunscoile Cuirfear tús le scéim saor in aisce leabhar do bhlianghrúpa sóisearacha iarbhunscoile i mí Mhéan Fómhair seo chugainn, agus an structúr céanna leis is atá ag an scéme bunscoile a tugadh isteach i mbliana. Clúdóidh an maoiniú nua téacsleabhair, leabhair saothair, dialanna, leabhair log, cóipleabhair, áireamháin, agus ina dhiaidh sin ábhair d’ábhair phraiticiúla mar chomhábhair, adhmad, cruach agus ábhair peinteála agus saotharlainne. Níl gléasanna ceadaithe faoin scéim. Daingniú Polasathe athbhreithnithe Rinne an Bord Bainistíochta athbhreithniú agus leasaithe ar an naoi bpolasaí seo a leanas agus dhaingnigh siad na polasaithe athbhreithnithe: Polasaí Gaeilge, Polasaí Corpoiliúna, Polasaí Litearthachta, Polasaí Measúnaithe agus Tuairiscithe, Polasaí Obair Bhaile, Polasaí Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta, Polasaí Seach-churaclaim, Polasaí Folláine agus Polasaí Bainistíochta Teagmhias Chriticicúla

Ráiteas Rialú Inmheánach Baineann an ráiteas seo le comhlíonadh na scoile sa bhliain féilire sin. Ar an fhoirm dhearbhaigh an Príomhoide/Rúnaí an Bhoird chomh fada agus is eol dó gur chloígh Coláiste Oiriall leis na ceanglais agus leis na dualgais uile atá leagtha amach i Lámhleabhar an Bhoird Bhainistíochta do Bhoird Oideachais agus Oiliúna, Boird Bhainistíochta Scoileanna BOO agus Choláistí Pobail agus beartais agus nósanna imeachta BOO an Chabháin agus Mhuineacháin in 2022. Chuir an Príomhoide an ráiteas faoi bhráid an chruinnithe, glacadh leis agus shínigh an cathaoirleach é. 

Comhairle na nDaltaí Labhair an Nascmhúinteoir le Comhairle na nDaltaí. Labhair na baill ar chailíní na dara bliana ag caitheamh mascara agus fá leggings a chaitheamh sa rang Corpoideachais. Ba mhaith le cuid acu scrúduithe Nollag i mí na Samhna. Tá an 6ú bliain ag iarraidh lá geansaithe na Nollag a reáchtáil agus airgead a bhailiú do charthannacht agus ba mhaith leis an seú bhliain plé a dhéanamh ar rialacha thart ar úsáid ríomhairí glúine agus cluasáin le linn Staidéar Stiúrtha.  Ceapadh oifigigh Chomhairle na nDaltaí.

Oiriall Twitter

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344