Board of Management Report
Tuarascáil an Phríomhoide Chaill an fhoireann cailíní cispheile mionúir (1ú bhliain) amach as áit i mbabhta leathcraobh na hÉireann cé gur bhain siad dhá chluiche as trí cinn sa turnaimint cílithe sa Mhuine Bheag, Co. Cheatharlach. D’éirigh le foireann cailíní cispheile sóisear (2ú bliain) dul ar aghaidh go dtí babhta leathchraobh na hÉireann nuair a bhain siad an trí chluiche sa turnaimint cáilithe. Chuaigh 46 scoláire Idirbhliana, i gcuideachta ceathrar múinteoir chun na Spáinne ar thuras. Bronnfaidh an tAire Oideachais, Norma Foley, duais ar Ellen Nic Dhomhnaill as an chéad áit a fháil sa rannóg Gaeilge den Chomórtas Scileanna Gairme a d’eagraigh Careers Portal agus AIB ag searmanas ag Oifigí na Roinne Oideachais i Sráid Marlborough. Bronnfar duais fosta ar Conall Alfred. Tá naoi seachtaine scoile déanta againn ó tháinig Priontáil Bhainistithe Cantec isteach. Beidh sé ag cosnú €3,500 dúinn do trí mhí sin i gcomparáid le €1,200 sa seanchóras. Tugadh cuireadh do Dearbhla Ní Mhearáin (Powerpoint) agus Diarmuid Mag Fhionntaigh (Excel) páirt a ghlacadh i gCraobh na hÉireann de MOS (Microsoft Office Specialist) de bharr feabhas a gcuid scrúduithe ríomhaireachta le linn na hIdirbhliana. Bhuaigh an fhoireann faoi-19 gasúraí Corn Mhic an Bhaird inniu in éadan Choláiste Naomh Caoimhín, Lios na Sceithe i bPáirc Naomh Tiarnach, Cluain Eois.
Féinmheastóireacht agus Plean Feabhsúcháin Scoile Tá cuid mhór oibre déanta ar an Phlean Feabhsúcháinn féin i gcomhar leis na múinteoirí agus tá trí mhórchuspóir aontaithe. Tuigeann muid na láidreachtaí mar a aithníodh go dtí seo san fhéinmheastóireacht agus ag eascairt amach as sin tá an trí mhór chuspóir againn. Tá tuillleadh oibre de dhíth chun na spriocanna feabhsaithe a dheimhniú agus cad iad na gníomhaíochtaí chun na spriocanna agus na mórchuspóirí a bhaint amach. Ghabh an Bord Bainistíochta buíochas leis an Choiste Teagaisc agus Foghlama a d’oibrigh ar seo, go speisialta, Bríd agus ansin Claire ar thit an t-ualach uirthi an t-eolas uilig a scagadh agus a chomhordú.
Éiteas i gcoimhthéacs Scoileanna ETB Rinne an Príomhoide cur i láthair ar an choincheap ‘éiteas’ mar a bhaineann sé le scoileanna ETB. Chuir se síos ar an chúig chroí-luach aitheanta atá ag scoileanna ETB: cúram, comhionannas, pobal, meas agus barr feabhais san oideachais. Labhraíodh faoi na croí-luachanna atá fréamhaithe go láidir sa scoil agus faoi croí-luachanna eile go gcaithfidh muid feabhsú agus forbairt tuilleadh.
seachtaine éitis, luachanna éiteas a cheangail leis an chóras smachta, ag bronnadh pointí dearfacha ar VSware, ag caint faoi luachanna scoile le daltaí agus iad i dtrioblóid agus cuaille eolais nó signpost leis na príomhluachanna a dhéanamh i ranganna adhmadóireachta.
Íocaíochtaí Scoláirí D’iarr an Príomhoide cead ar an Bhord íocaíochtaí a bhailiú ó na scoláirí/ó thuismitheoirí scoláirí sa chéad scoilbhliain eile (2023-24). Chuir sé síos ar na táillí a bhí i gceist Eagraíonn Coláiste Oiriall Scéim Leabhar ar Cíos ón chéad bhliain i rith an bhealaigh suas go dtí an 6ú bliain. Íocann tuismitheoirí €90 go bliantiúil as Scéim na Leabhar do na téacsleabhair agus do na leabhair saothair. Íocann siad táille €60 fosta do Sheirbhísí Scoláirí. RRitheadh rún ag údarú an Phríomhoide na táillí thuasluaite a bhailiú ó thuismitheoirí na scoláirí
Ag údarú an Phríomhoide fionraí a chur i bhfeidhm Thoiligh an Bord údarás a thabhairt don Phríomhoide fionraíocht a ghearradh ar scoláire ar feadh suas le trí lá sa chéad scoilbhliain eile (2023-24). Aithníonn an Bord Bainistíochta gur chóir an cheist a chur faoina mbráid má táthar ag moladh fionraíocht níos faide ná trí lá do scoláire ach toileann an Bord fosta údarás a thabhairt don Phríomhoide fionraíocht suas le cúig lá a ghearradh le linn na scoilbhlina seo chugainn (2023-24) i gcomhar leis an chathaoirleach sa chás nach dtig cruinniú de chuid an Bhoird a ghairm in am caoithiúil.
Athbhreithniú ar Pholasaí Ligint Isteach moladh é agus glacadh leis