TUAIRISC AR CHRUINNIÚ BHORD BAINISTÍOCHTA CHOLÁISTE OIRIALL
– 10 EANÁIR 2024
Comhghairdeas: Rinneadh comhghairdeas leis an Mhúinteoir Niamh Ní Bhroin agus a fear céile, Gerard, ar saolaíodh iníon daofa oíche Nollag agus rinneadh comhghairdeas leis an Mhúinteoir Niamh NigUidhir agus Kevin Hegarty ar gealladh iad lá Nollaig
Tuarascáil an Phríomhoide Bhuaigh Aoibhinn Ní Chraoibhin an dara háit go náisiúnta i Poetry Aloud. Glacfaidh Aoibhinn páirt sa bhabhta náisiúnta de Scléip sa Helix, Baile Átha Cliath ar 30ú Eanáir fosta. Bíonn an t-amhránaí sean-nós, Blaithín Mhic Channa as Co. Ard Mhacha agus Roisin Uí Choinn ag déanamh ceardlanna uair sa le daltaí sinsearacha faoin scéim CAP/REACH. Cheadaigh an Roinn Oideachais maoiniú faoin scéim oibreacha éigeandála chun uasghrádú a dhéanamh ar na soilse éigeandála sa scoil. Eagrófar tionól speisialta gan mhoill chun Próifíli Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearacha a mbronnadh ar lucht na 4ú bliana faoi láthair. Beidh cruinniú eolais do thuismitheoirí dhaltaí na dara bliana oíche amárach.Tá dhá phost freagrachta (Príomhoide Cúnta 2) sa scoil fógraithe. Tá beirt iarscoláire istigh anois ag déanamh socrúcháin PME ó seo go dtí deireadh na bliana. Beidh an fhoireann sinsearach díospóireachta Gael-Linn ag glacadh páirt i gCraobh na hÉireann den chomórtas a bheas ar siúl sa Tulach Mór coicís ón lá inniu. Imreoidh foireann gasúraí sacair faoi 19 i gCraobh Uladh an tseachtain seo chugainn. Tosóidh na triailscrúduithe do lucht na hArdteiste agus do lucht na Sraithe Sóisearaí Dé Céadaoin, 24 Eanáir. Reáchtálfar cruinniú do thuismitheoirí lucht na chéad bhliana Dé Céadaoin seo chugainn agus reáchtálfar cruinniú do thuismitheoirí lucht na tríú bliana coicís ina dhiaidh sin. Beidh an cruinniú tusimitheoirí deireanach ann díreach roimh Lá Fhéile Pádraig: an darna cruinniú do thuismitheoirí lucht na séú bliana.
Foghlaim agus Teagasc Freastalaóidh beirt mhúinteoir agus an Príomhoide Tánaisteach ar an inseirbhís dheireanach dhá uair a chloig ar líne ar 23 Eanáir maidir le Léarscálaíocht Soláthair (Provision Mapping). Déanfaidh siad ceardlann/ seisiún dhá uair a chloig a chur i láthair agus a éascú don fhoireann. Sé an rud atá i gceist ná úsáid a bhaint as an Phróiseas Féinmheastóireachta Scoile chun athbhreithniú agus mapáil a dhéanamh ar sholáthar oideachas ionchuimsitheach agus speisialta. Beidh Cnuaslá JCT ar líne againn ar an dáta chéanna.
Eachtra Smachta Pléadh eachtra drochiompair a tharla sa scoil le gairid.