Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

Board of Management Report

Tuarascáil an Phríomhoide Tosaíodh na ranganna Gaeilge Dé Sathairn do lucht na chéad bhliana nár fhreastail ar Ghaelscoileanna, cruinniú Eolais do thuismitheoirí dhaltaí na chéad bhliana, Lá Spóirt don scoil uilig amárach trialacha éirime Idirbhliana ar siúl Dé Céadaoin, 20 Meán Fómhair agus an tráthnóna dar gcionn tionólfar Cruinniú Eolais do thuismitheoirí lucht na hIdirbhliana. As seo amach beidh tuismitheoirí ag úsáid Vsware chun míniúcháin ar neamhláithreachais a chur isteach, bhí tionól againn sa Gharáiste, tá Food Village agus an ceaintín ar ais agus tá muid sásta leis an tseirbhís. Tá trí rang sa chéad bhliain ag déanamh samplóireachta ar na hábhair roghnacha ar feadh sé seachtaine.

Athbhreithniú an Bhoird ar an pholasaí maidir le Caomhnú Leanaí Rinne an Bord athbhreithniú ar pholasaí na scoile maidir le caomhnú páistí a thabhairt chun críche. Rinneadh an t-athbhreithniú seo i gcomhréir leis an “Seicliosta don Athbhreithniú ar an Ráiteas um Chosaint Leanaí” a foilsíodh ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais.

Turais Fuair an Príomhoide Moladh Imlíneach ar an turas (TU2) chomh maith le hiarratas fa choinne turas oideachasúil a bheith faofa ag an Bhord (TU3). Tá measúnú riosca déanta (TU6) agus tá foirm Toiliú Tuismitheoirí (TU5) líonta isteach ag na tuismitheoirí uilig. Tá an Bord Bainistíochta toillteanach an litir faofa a chomhlánú ag ceadú an turais (TU4). Chuir an Príomhoide eolas faoi bhráid an chruinnithe faoi roinnt turais lae eile.

Féinmheastóireacht agus Plean Feabhsúcháin Scoile Tá an Plean Feabhsúcháin Scoile réidh anois, cuireadh é faoi bráid chruinniú múinteoirí coicís ó shin. Anocht cuireadh é faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.  Aithníodh láidreachtaí agus réimsí ina bhfuil obair le déanamh le feabhsú. 

Torthaí Scrúduithe Ardteiste Fuair seachtar as an chohórt nó 10% de 66 scoláire os cionn 600 pointe CAO an duine. Fuair 23 scoláire nó 35% os cionn 500 pointe. Fuair 48 scoláire nó 73% os cionn 400 pointe ar an iomlán. B’é 460 an meánlíon pointí CAO a bhíonn ag scoláirí Choláiste Oiriall. Cuireadh síos ar na hábhair a bhí i bhfad níos airde den mheán náisiúnta agus ar na hábhair a bhí go díreach ag an phle anáisiúnta nó rud beag os a chionn.

Beartas Ligint Isteach Rinneadh leasaithe ar an Bheartas Ligint Isteach i leith na scoilbhliana 2023/2024. Cuireadh an leagan leasaithe den bheartas faoi bhráid an chruinnithe agus glacadh leis.

Teagasc agus Foghlaim Tá lúchair orainn páirt a ghlacadh i Léarscáiliú Soláthair (Provision Mapping) – is proiséas é chun tacú le feabhsú ionchuimsitheach scoile. Maireann an chéad chuid de bliain go leith, am a mbeidh teacht ag scoil ar threir, acmhainní, ceardlanna agus foghlaim ghairmiúil agus déanfaidh sé an scoil a chumasú chun eolas agus sonraí a bhailiú ó fhoireann, ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí maidir le hoideachas ionchuimsitheach

Gnóthaí Scoláirí Ceapadh na cinnirí seo a leanas don scoilbhliain reatha seo, ceapadh Ellen NicDhomhnaill agus Aodhán O Dughaill mar Ardchinnirí, Comhairle Daltaí nua le toghadh gan mhoill, cuirfear oiliúnt ar na Cuiditheoirí Idirbhliana agus ar na Cinnirí go luath, bronnadh an gradam Gaisce ar 30 scoláire atá anois sa chúigiú bliain amois

Aon Ghnó Eile Chuir comhairleoirí Imshaoil, FlynnFurney Phlean Gnímh Bithéagsúlachta  le chéile do Choláiste Oiriall le maoiniú ó Leader. Tá go leor rudaí fiúntacha a dhéanfaidh muid iarracht cur i gcrích taobh istigh d’achar ama an phlean 2023-26. Cuirfidh an plean an pobal scoile ag smaoitiú ar an bhithéagsúlacht agus feasacht a ardú ar na nithe a thig linn a athrú agus a fheabhsú chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn agus tús áit a thabhairt dí.

Oiriall Twitter

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344