Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

Oiriall U20 Girls are All-Ireland Champions

Coláiste Oiriall 2-13 Mount Saint Michael 0-07

Two second half goals from Alannah Ní Chorragáin saw Monaghan’s Coláiste Oiriall claim the Lidl All-Ireland Post Primary Schools Senior B title at Glennon Brothers Pearse Park.

There was a difference of 12 points at the end, but this margin didn’t reflect the intensity of the contest for most of the game.

Thosaigh Mount Saint Michael Craobh na hÉireann faoi 20B láidir agus scóráil siad an chéad phointe ach go gairid ina dhiaidh sin chothromaigh Kerrie Ann Bhreathnach cúrsaí agus lean Oiriall orthu agus fuair siad ceithre phointe gan freagra, rud a d’fhág iad ceithre cinn chun tosaigh agus deich mbomaite imeartha.

Bree Hession kicked the opening score of the game before Coláiste Oiriall took a hold of proceedings. Kerrie Ann Breathnach levelled the game minutes later. They then kicked four points in a row to lead by four in the tenth minute with those points coming from Ní Chorragáin, Holly NicUaid and two from Éabha Ní Shearraigh.

Two minutes later Mount Saint Michael were awarded a penalty after Deirbhile Horkan was taken down. Hession stepped up to take the spot-kick but it was expertly tipped over the bar by Oiriall keeper Órna Ní Cheallaigh.

Tháinig pointe ó Ní Chorragáin, ó lár an D, pointe ó Nic Uaid agus í amuigh ar an chliathán clé agus pointe ó Ní Shearraigh agus í ag teacht isteach ón chliatháin clé ar an deasóg  Rinne Brid Nic an Fhailí, Uainin Ní Chonghaile agus Scarlet Ní Earáin trí bhloc fíormhaith díreach i ndiaidh a chéile san 8ú bomaite agus tháinig pointe ó Ní Shearraigh.

Penalty

Go gairid ina dhiaidh sin bronnadh cic pionóis measartha bog ar scoil Chlár Chlainne Mhuiris ach d’éirigh le cúl báire Oiriall, Orna Ní Cheallaigh, mear a fháil go dtí an liathróid agus é a chur thar an trasnán. Ní raibh an oiread sin le deanamh ag Orna sa cluiche seachas an cic pionóis a shabháil, ach stop sí an liathróid ar an line sa 56ú bomaite. Bhí ciceanna amach Orla thar barr i rith an chluiche.

Ashleagh Salmon followed up with a point for the Claremorris school. Oiriall had two goal chances saved and they kicked a number of wides. The Oiriall girls recovered from these missed opportunities despite points from Alana Fitzpatrick and Ciara Nyland drew which Mount Saint Michael level, 0-5 to 0-5, just before the break.

Coláiste Oiriall started the second half well Ní Shearraigh, Nic Uaid and Leah Ní Chuinneagán kicked over fine points but the Claremorris side replied through Nina Wallace and a Hession free.

Fuair Clar Chlainne Mhuiris an chéad phointe eile. Chaill Oiriall dhá sheans ar chúil agus chuir siad roinnt seansanna ar fóraoil. Fuair Clár Chlainne Mhuiris pointe eile, rud a d’fhág an dá fhoireann cothrom ag leathama.

The teams were level at half-time at five points each but Oiriall had a strong opening in the second half with a point from Ní Shearraigh from 35 metres out and a further point from Nic Uaid less than a minute later. Nic Uaid got a point from a free kick while Leah Ní Chuinneagáin scored from play within a minute. Saint San Michael got their last point in the 36th minute and while they finished the match strongly, they failed to penetrate the superb Oiriall defence.

Bhí tús iontach ag Oiriall sa darna leath. Bhuaigh Nic an Fhailí an liathróid ón chaiteamh suas agus chuir Eabha é thar an trasnán i ndiaidh 17 soicind ó 35 mheadar. Fuair Nic Uaid ceann eile 25 soicind níos déanaí i ndiaidh brú iontach ó Nic Fhailí ar an chic amach.

Bhí Aobhin Nic Cormaic ag imirt anois in áit Dheribhile Ní Chianáin. Athraíodh Ní Earáin anois go lár páirce agus bogadh Brid isteach mar lánchúlaí. Fuair Meánscoil San Micheal a scór deireanach den chluiche sa 36ú bomaite.

Rinne Nic Cormaic an t-uafás oibre agus bhuaigh sí cic saor ar an líne 21 meadar, cic saor a chuir Holly thar an trasnán gan stró. Fuair Leah pointe de scoth 42 soicind níos moille i ndiaidh oibre ó Uainín agus ó Kerrie Ann. Thainig Meánscoil San Michíl ar ais le pointe sa 34ú bomaite.

Nic Cormaic replaced Ní Chianáin at halftime and Aoife Nic an tSionnaigh replaced Abi Ní Chearrúlláin on 55 minutes. Mayo’s corner forward, Amy Cummins, received a series injury in the 42nd minute, resulting in a long stoppage in play, but everybody was relieved to see her responding to treatment.  

Bhain drochghortú d’Amy Cummins, uimhir13 ar fhoireann Chlár Chlainne Mhuiris sa 42ú bomaite agus cuireadh moill fhada ar an chluiche agus muid uilig inár dtost ach ba chuma linn fhad is gur tháinig Amy chuici féin agus fuair sí bualadh bos mór ó iomlán a bhí i láthair í ag fágáil na páirce ar shínteán.

Game-changers

Fuair Ní Chorragáin dhá chúl taobh istigh de bhomaití dá chéile sa dara leath. Phreab cic Chaoimhe Ní Mhaolchallan díreach os comhair na na gcúl agus chríochnaigh Alanna é go dtí an t-eangach. Bhí baint ag Ní Chearrullain, agus ag Scarlet leis an chúl seo.

Cúpla bomaite níos moille bhuail cic Éabha Ní Shearraigh an cuaille agus tháinig an liathróid amach arís, fuair Ní Chorragáin greim air agus isteach san eangach don dara cúl. Bhí Oiriall 2-9 go 0-7 pointe chun tosaigh faoin am seo agus bhí Kerrie Ann Breathnach, Ní Earáin and Ni Chuinneagáin, go hiomlan i gceannas ag lár páirce faoin am seo.

The game changed in the 38th minute when Ní Chorragáin scored her first goal. Ní Earáin, Ní Shearraigh (free), Nic Uaid, Ní Chuinneagáin and Breathnach all fired over points in a deserved win for the Monaghan school.

There was just one point between the sides when Ní Chorragáin finished to the net after Caoimhe Ní Mhaolchallan’s shot bounced right in front of the posts. The nifty forward got her second goal minutes later when Ní Shearraigh’s effort came off the Mount Saint Michael post. These two goals changed the complexion of the game entirely.

D’athraigh an cluiche go hiomlán leis na cúil Uí Chorragáin agus gan dabht chuidigh seo go mór léi chun an gradam Laoch na hImeartha a bhaint. Bhí Oiriall ar bharr na gaoithe anois agus pointí galánta eile ag teacht ó Ní Earáin, Nic Uaid, Ní Chuinneagáin agus Bhreathnach agus cic saor ó Ní Shearraigh

Bhí Abi Ni Chearullain agus Lauren Ni Mharcaigh fíorghnóthach an cluiche ar fad. Bhí ciceanna amach Orna Ní Cheallaigh dochreidte i rith an chluiche.  Bhí na cosainteoirí ar fad dochreidte maith agus níor thug siad spás ar bith dá n-imreoir agus dhruid siad an doras ar na cúil. Tháinig ceannaireacht Uí Chonghaile agus Nic an Fhailí agus go hairithe Ní Earáin chun tosaigh sa darna leath.

Defence

Abí Ní Chearrúlláin and Lauren Ní Mharcaigh were busy in defense and Orna Ní Cheallaigh had little to do but tipped the penalty kick over the bar and later cleared the ball of the line. Her kickouts were superb throughout. Áine Ní Dhufaigh and Abbie Ní Fhionnagáin contuined to exert pressure in the defence but the Oiriall girls, through Kerrie Anne Bhreathnach clinched the last score of the match to give a 12-point winning margin to Oiriall.

Tháinig brú fiánta ó Áine Ní Dhufaigh agus ó Abbie Ni Fhionnagáin agus leoga ó na cosainteoirí ar fad sa 10 mbomaite deireanach agus níor thug siad spás ar bith do fhoireann Mhaigh Eo. Chríochnaigh Meánscoil San Michéal go láidir agus chuir siad neart brú ar Choláiste Oiriall sa chúig bhomaite deireanach ach ní riabh maith ann agus theip orthu scór ar bith a aimsiú a bhuíochas sin do chosantóirí.  Fuair Breathnachs an scor deireanach den cluiche chun 12 phointe a chur idir na foirne!

Ar ndóighe bhain ceathrar de chuid Oiriall, Ní Earáin, Nic Uaid, Ní Chonghaile and Nic an Fhailí gradaim Uile-Réalta na nIarbhunscoileanna Uladh seachtain ó shin ag ócaid in Óstán Uí Cheallaigh i nGarbh Achaidh.  Comhghairdeas leis an fhoireann agus leis an bhainisteoir, an Múinteoir Fiona Ní Pheatáin.                                                                                                                                                                                                                         

Órna Ní Cheallaigh; Áine Ní Dhufaigh, Scarlet Ní Earáin (0-1), Abbie Ní Fhionnagáin; Abi Ní Cearulláin, Uainín Ní Chongaile, Leah Ní Mharcaigh; Bríd Nic An Fhailí, Leah Ní Chuinneagáin (0-2); Kerrie Anne Breathnach (0-2), Hollie Nic Uaid (0-3), Alannah Ní Chorragáin (2-1); Dearbhla Ní Chianáin, Éabha Ní Shearraigh (0-4), Caomhe Ní Mhaolchallan.

Ionadaithe: Aoibhin Níc Cormaic for Ní Chianáin (30), Aoife Ní tSionnaigh for Ní Mharcaigh (52).

 

 

 

Oiriall Twitter

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344