Tá polasaí éide scoile i bhfeidhm i gColáiste Oiriall. Táthar ag súil leis go mbeidh scoláirí ag caitheamh an éide go cuí le linn dóibh a bheith ar scoil, ag teacht ar scoil agus ag dul abhaile ón scoil. Cuireann éide atá caite go néata go mór le híomha scoile. Seo a leanas éide scoile Choláiste Oiriall:
- Geansaí marúin faoi mhuineál V le suaitheantas na scoile
- Brístí dubha bootleg nó sciorta pléata tartan go meáncholpa le tosach díreach fá choinne na gcailíní – níl brístí caola ceadaithe
- Bristí dubha díreacha polyester/viscose fá choinne na ngasúraí – níl brístí caola ceadaithe
- Léine nó blús bánbhuí
- Carbhat – marún mar bhundath le stríoca bánbhuí agus dubha ann gach re seach
- Seaicéad fearthainne dubh le líneáil ann agus le suaitheantas na scoile
- Bróga leathair dubha (nó bróga dúghorma Dubarry) agus stocaí dubha nó triús fá choinne na gcailíní – níl bróga reatha nó bróga canbháis ceadaithe.
Ranganna Corpoideachais, traenáil spóirt agus cluichí
- Bríste spóirt liath gualaigh seangluiteach le foircinn zipeáilte
- T-léine muineál cruinn mharún agus liath gualaigh faoi shuaitheantas
- Barr leath zip marún faoi shuaitheantas le himeall liath agus stríoca bána ar an ghualainn.
(culaith reatha saincheaptha)
Tá éide scoile Choláiste Oiriall ar fáil ó George agus Mairead White sa Fabric Centre, 15 Sráid na Páirce, Muineachán (Teil. 047 82062) - cóngarach don timpeallán agus trasna an bhealaigh mhóir ó Theach a’ Phobail Naomh Iosaef.
Treoirlínte
- Caithfidh an t-éide scoile a bheith glan, néata agus caite i gceart i rith an ama.
- Bíodh an cnaipe ag an mhuinéal druidte ar an léine agus ar an bhlús.
- Caithfidh an carbhat a bheith ceangailte i gceart agus gan é a bheith caite go scaoilte.
- Caithfear an sciorta go dtí an ghlúin.
- Níl cead seaicéid nó éadach lomrach nach mbaineann leis an éide scoile a chaitheamh.
- Tá caitheamh seodra teoranta go dtí dhá fháinne láimhe, fáinne amháin disréideach sa mhaothán íochtarach i ngach cluais agus uaireadóir.
- Níl cead an aghaidh a pholladh ar mhaithe le sláinte agus le sabháilteacht.
- Tá cosc ar smidiú a chaitheamh ach tá cead snas a chur ar na hinge.
- Glactar leis go mbeidh dath nadúrtha gruaige ag scoláirí.
- Níl cead culaith Corpoideachais nó bróga reatha a chaitheamh le linn do scoláire a bheith ag teacht ar scoil nó ag dul abhaile ón scoil nó i rang eile ar mhaithe le sláinteachas.
- Is éide spóirt agus bróga reatha nó bróga peile amháin a chaithtear le linn ranganna Corpoideachais, imirt cluichí agus seisiúin traenála.
- Tá cead brístí gairide CLCG a chaitheamh le linn ranganna Corpoideachais ach beidh brístí an chulaith reatha de dhíth go fóill.
- Táthar ag súil leis go mbeidh cuma shlachtmhar ar scoláirí i gcónaí agus an t-éide scoile a chaitheamh acu.
- Cuirfear an córas smachta i bhfeidhm má sháraítear na treoirlínte thuas.