Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Is páirtíocht atá i gceist san oideachas idir daltaí, tuismitheoirí nó caomhnóirí, foireann na scoile agus an pobal i gcoitinne. Tuigeann Coláiste Oiriall gur duine neamhspleách é gach dalta, go bhfuil forbairt le déanamh aige (ie. pearsanta, fisiciúil, spioradálta, mothaitheach, gnéasach, sóisialta agus acadúil) chun páirt a ghlacadh sa saol ar mhaithe leis féin, leis an dteaghlach, leis an scoil agus leis an phobal i gcoitinne. Is iad na tuismitheoirí nó na caomhnóirí na príomhoideachasóirí ach tá ról tánaisteach ag Coláiste Oiriall san obair seo agus agus is dá bharr sin go bhfuil clár Oideachas Sláinte ar siúl againn anseo. Seo a leanas an siollabas:

An Teastas Sóisearach

  • Aistriú ón Bhunscoil
  • Scileanna Caidrimh
  • Scileanna Staidéir
  • Scileanna Sláinteachais agus Glaineachta
  • Féinmhuinín agus Féinmheas a fhorbairt
  • Caidreamh Idirdhuineata
  • Fás agus Forbairt Fisiciúil agus Gnéasach
  • Úsáid agus Mí-Úsáid Substaintí

An Teastas Sinsearach

  • Atáirgeadh, collaíocht dhaonna,
  • Pleanáil chlainne agus ag iompar,
  • Ról tuismitheoirí
  • Galair collaí inaithriste,
  • Caidrimh ghrámhara agus pósadh,
  • Stadas gnéasúil,
  • Rólanna inscne,
  • Ciapadh gnéis,
  • Ionsaí agus éigniú,
  • Drochúsáid nó drochíde.

Aistriú ón Bhunscoil

Bliain 1

Difríochtaí idir an bhunscoil agus an iar-bhunscoil, múinteoirí, líon na ndaltaí, fad ó bhaile, ábhair nua, cód iompair na scoile, daoine nua, grúpa ranga nua, cairde nua, Scartha ó shean-chairde, múinteoirí nua, scileanna nua, réimse leathan ábhar, stíleanna difriúla múinteoireachta, modhanna difriúla múinte, amchlár, obair bhaile.


Scileanna Caidrimh

Bliain 1


Tasc don ghrúpa iomlán – taithí ar chomhoibriú, conas grúpa a dhéanamh – cathaoirleach; rúnaí, ag éisteacht – an tábhacht a bhaineann le héisteacht

Bliain 2


Na rudaí a chabhraíonn le caidreamh maith, atmasféar a chruthú, cluichí éisteachta, corpchaint, mé féin – eolas agus teanga oiriúnach

Bliain 3


Ceannasaíocht, ag diúltú, scileanna caidrimh

Oideachas Sábháilteachta

Bliain 1


Sábháilteacht ar scoil, áiteanna dáinséaracha – an Saotharlann agus an Chistin, cosc ar thimpistí, freagracht phearsanta ar chách
Ar na bóithre, taisteal ar scoil – modhanna taistil, rialacha bóthair, sábhailteacht phearsanta – leat féin – áiteanna dáinséaracha srl.
Druil dóiteáin, rialacha – rolla, druil dóiteáin a dhéanamh go rialta
Sábháilteacht sa teach, áiteanna dáinséaracha, cosc ar thimpistí, ceangal le garchabhair
Sábháilteacht san uisce, rialacha snámha, bratacha

 

Scileanna Staidéir

Bliain 1

Cén fáth, cuichí chuimhne, an dialann, obair bhaile, leabhair/trealamh a eagrú

Eagrú, áit le haghaidh staidéir – teas, solas, ciúnas, amchlár pearsanta a dhéanamh amach, gnáthstaidéar, dul siar, obair breise, scrúduithe, bainistiú ama, freagraí a leagadh amach

Bliain 2

Scileanna, léitheoireacht, samplaí, ceisteanna a dhéanamh, foghlaim de
ghlanmheabhair, notaí, achoimre a dhéanamh, cuimhneolaíoch, ag dul faoi scrúdú, obair bhaile ar ais, ag foghlaim ó do bhotúin, fadhbanna, ceisteanna a chur ar an múinteoir, obair bhreise a lorg.

Bliain 3

Scrúdú an Teastas Shóisearaigh, ullmhúchán, staidéar, bainistiú ama

Scileanna Sláinteachais agus Glaineachta

Bliain 1

Cothú, na cothaigh agus feidhmeanna, réimse bia cothrom agus aiste bia, bia mhífholláin Glaineacht phearsanta, craiceann – folcadh/boladh coirp, gruaig – níocháin/míolta/sail chnís, fiacla – glanadh/meath/bia
Aclaíocht, scíth a ligint, caitheamh Aimsire – áiseanna, fearais spóirt – éadaí cearta, rith timpeall V teilifís

Bliain 2

Cothú, calraí a chomhaireamh, riachtanais speisialta, easláinte – anaemacht, anorexia, bulimia, cailliúint meáchain, dul i dtroime, glaineacht, frídíní ar chraiceann, ar lámha, frídíní sa mbia, sa chócaireacht, aclaíocht, scíth a ligint, meáchan a chailliúint, méid calra a chailleann tú ag déanamh rudaí éagsula, garchabhair

Bliain 3

Glaineacht – víorais agus conas a scaiptear iad, scíth a ligint, conas deileáil le strus na scrúduithe, garchabhair

Féinmhuinín agus Féinmheas

Bliain 1
Féin iomhá; scéal Sam; daoine a mholadh; féinmhuinín; maíomh

Bliain 2

Féin-mhuinín; na scileanna atá againn – buanna; freagracht; moladh; caitheamh anuas ar dhaoine

Bliain 3
Ag caint fúm fhéin: is féidir liom; cairdeas; rólanna, meon dearfach

Caidreamh Idirdhuineata

Bliain 1

Cairdeas a bhunú; mo chlann, daoine eile; bobaireacht agus maistínteacht; saghsanna, conas deileáil leis, daoine a fhágáil amach, daoine ag troid – fisiciúl, ag argoint .

Bliain 2

Céard is cara ann, ag déanamh cairde, mise mar chara, fadhbanna le cairde, coimeád rialacha, mise i mbróga duine eile, comhoibriú

Bliain 3

Nithe atá tábhachtach duit, caidreamh agus cumarsáid, fadhbanna

Fás agus Forbairt Fisiciúil agus Gnéasach

Bliain 1

Ag fás agus ag athrú, fisiciúil, buachaillí & Cailiní – forbairt luath nó déanach, inmhe, mothúcháin / craiceann / hormón / fuil mhíosta, an córas atáirgeadh, toircheas agus forbairt an fin

Bliain 2

Breithiúnas Ceart, brú ó cáirde, mothúcháin a smachtú agus freagracht a ghlacadh, luachanna spioradálta, breith linbh

Bliain 3

Ag diúltú, torthaí, an ABC de thoircheas, STD

Oiriall Twitter

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344