Polasaí Úsáid Inghlactha Choláiste Oiriall
THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH
Réasúnaíocht
Tá an Polasaí Úsáid Inghlactha Idirlín seo a leanas curtha le chéile ag Coláiste Oiriall de réir bhunaidhm na scoile chun mothú féintuilleamaí, neamhspleáchas, comhoibriú agus freagracht a chothú i scoláirí agus scileanna a thabhairt dóibh don fhoghlaim ar feadh an tsaoil nó creideann an scoil gur tábhachtach an rud é go mbeadh teacht ar acmhainní TFC na scoile. Cloíonn an beartas le gach gné de Bheartas Úsáid Inghlactha Teicneolaíochta BOOCM agus Beartas Úsáid Inghlactha Idirlín BOOCM.
Is í aidhm an Pholasaí Úsáid Inghlactha seo (PÚI) a chinntiú go mbainfidh scoláirí leas as deiseanna foghlama a chuirtear ar fáil ar bhealach sábháilte agus éifeachtach trí acmhainní TFC agus idirlín na scoile. Meastar gur acmhainn scoile agus gur pribhléid é úsáid agus rochtain idirlín. Mura gcloítear le PÚI na scoile, tarraingeofar siar an phribhléid sin agus cuirfear smachtbhannaí cuí i bhfeidhm.
Straitéisí
Bíonn na straitéisí seo a leanas ag an scoil chun deiseanna foghlama a uasmhéadú agus rioscaí a bhaineann leis an Idirlíon a laghdú:
- Úsáidfear bogearraí scagtha agus/nó córais chosúla nuair is cuí chun an riosca nochta d'ábhar míchuí a íoslaghdú.
- Eiseofar ainm úsáideora agus pasfhocal uathúil Cuntas Líonra Ríomhaireachta do gach scoláire. Tabharfaidh sé sin rochtain dóibh ar acmhainní TFC Choláiste Oiriall ag leibhéal slándála do scoláirí. Ní mór do scoláirí a n-ainm úsáideora féin amháin a úsáid i gcónaí.
- Ba chóir cuntas ríomhphoist scoile gach scoláire a úsáid chun críocha oideachais amháin.
- Cuirfear oiliúint ar fáil do scoláirí agus do mhúinteoirí maidir le húsáid agus le sábháilteacht idirlín.
- Ní cheadófar bogearraí neamhcheadaithe a uaslódáil/a íoslódáil agus a shuiteáil.
- Úsáidfear agus déanfar bogearraí cosanta víris a úsáid agus nuashonrófar iad ar bhonn rialta.
- Teastaíonn cead múinteora chun meán stóráil dhigiteach a úsáid (m.sh. méaróg chuimhne phearsanta nó tiomántán crua seachtrach) ar scoil.
- Caithfidh na scoláirí go measúil le daoine eile i gcónaí agus ní thabharfaidh siad faoi aon ghníomhartha a d'fhéadfadh droch-cháil a tharraingt ar an scoil.
Idirlíon
- Ní thabharfaidh scoláirí cuairt d'aon ghnó ar shuíomhanna idirlín ina bhfuil ábhair gháirsiúla, mhídhleathacha, ghránna nó doghlactha ar bhealach eile ná ní dhéanfaidh siad iarracht teacht timpeall ar bhogearraí cosanta. Cuirfidh siad in iúl má bhíonn rochtain trí thimpiste ar ábhair mhíchuí.
- Bainfidh na scoláirí úsáid as an idirlíon chun críocha oideachais amháin. Ní chóipeálfaidh siad faisnéis i dtascanna gan an fhoinse a admháil (bradaíl agus sárú cóipchirt).
- Ní dhéanfaidh scoláirí faisnéis phearsanta a nochtadh ná a phoibliú.
- Is sárú díreach ar Pholasaí Úsáid Inghlactha Choláiste Oiriall é ábhair nó íomhánna nach mbaineann lena gcuid staidéir a íoslódáil nó a uaslódáil .
- Ní úsáidfidh scoláirí aon láithreáin ghréasáin líonrú sóisialta.
Ríomhphost
- Úsáidfidh scoláirí seoltaí ríomhphoist chun críocha oideachais amháin agus ní ar chúiseanna pearsanta.
- Ní bhainfidh scoláirí úsáid as a ríomhphost scoile ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an scoil agus chun clárú ar ghníomhaíochtaí scoilbhunaithe amháin.
- Ní cheadaítear seoltaí ríomhphoist pearsanta a úsáid d'obair scoilbhunaithe
- Ní sheolfaidh ná ní bhfaighidh scoláirí aon ábhar atá mídhleathach, gáirsiúil agus/nó clúmhillteach, nó atá beartaithe chun cur as do dhuine eile nó imeaglú a chur orthu.
- Ní nochtfaidh scoláirí a sonraí pearsanta féin ná sonraí pearsanta daoine eile, ar nós seoltaí nó uimhreacha teileafóin nó pictiúir.
- Ní shocróidh scoláirí cruinniú aghaidh ar aghaidh le duine nach bhfuil d’aithne acu orthu ach aithne trí ríomhphoist nó trí chumarsáid eile ar líne.
- Ní cheadaítear rochtain a fháil sa seomra ranga ná sa scoil ar shuíomhanna líonrú sóisialta lena n-áirítear Facebook, Snapchat, Instagram, MSN Messenger agus aon suíomhanna eile dá samhail.
- Ba chóir do scoláirí tuairisc a thabhairt má fhaigheann siad aon chumarsáid a fhágann iad ag mothú míchompordach, atá maslach, idirdhealaitheach, bagrach nó a bhfuil bulaíocht i gceist inti agus caithfidh siad gan freagra a thabhairt ar aon chumarsáid den sórt sin. Ba chóir do scoláirí aon chumarsáid dá leithéid a thuairisciú do mhúinteoir.
- Níor chóir do scoláirí ríomhphoist a oscailt a bhfuil cuma amhrasach orthu. Ba chóir do scoláirí aon ríomhphoist amhrasacha a thuairisciú do mhúinteoir.
- Is é an t-údar atá freagrach as gach teachtaireacht agus tuairim a chuirtear in iúl i ríomhphost agus ní léiriú iad ar thuairim na scoile.
- Is féidir teagmháil a dhéanamh le múinteoirí trí ríomhphost a úsáid le linn an téarma scoile le linn uaireanta scoile, 9.00 r.n. – 5.00 i.n., Luan go hAoine.
- Seiceálfaidh na scoláirí a gcuid ríomhphost gach lá.
Gléasanna Pearsanta na scoláirí
Ní ligeann muid do scoláirí gléasanna pearsanta a úsáid (m.sh. fón cliste, táibléad, uaireadóir cliste srl. ) sa rang. Tá trí thralaí shoghluaiste ar fáil d'úsáid an tseomra ranga agus tá dhá Sheomra Ríomhaireachta ar fáil.
Má bhaineann scoláirí úsáid as a dteicneolaíocht féin ar scoil ar nós fón póca a fhágáil ar siúl nó é a úsáid sa rang, teachtaireachtaí téacs núis a sheoladh, nó íomhánna neamhúdaraithe a thógáil le ceamara soghluaiste, socair nó ag bogadh, is sárú díreach é ar Pholasaí Úsáid Inghlactha Choláiste Oiriall agus ar Pholasaí Fón Póca na scoile agus déileálfar leo dá réir.
Mura n-údaraíonn múinteoir é, níl cead ag scoláirí a gcuid gléasanna pearsanta (m.sh. fóin, iPodanna, ceamaraí, deachtafóin, consóil chluiche, PSPnna), a úsáid ar áitreabh na scoile. Ní mór do gach scoláire a chinntiú go mbíonn a ngléasanna go léir múchta i bhfoirgneamh na scoile agus ba chóir iad a fhágáil, agus an chumhacht múchta, sa taisceadán ar feadh an lae scoile ar fad, am lóin san áireamh. Ní mheastar Má bhíonn gléasanna ar Mhód Balbhaithe nó Creatha ní mheastar an chumhacht a bheith casta as. Ceadaítear úsáid fón póca, ar mhaithe le héisteacht le ceol amháin, i gColáiste Oiriall go dtí 8.40 r.n. D'fhéadfaí uaireadóir cliste a chaitheamh ar choinníoll nach bhfuil sé ceangailte nó sioncronaithe le fón póca nó le gléas eile.
Ní ghlacann Coláiste Oiriall aon fhreagracht as gléas digiteach pearsanta a thógann scoláire ar scoil.
Smachtbhannaí
D'fhéadfadh gníomh araíonachta a bheith mar thoradh ar mhí-úsáid TFC agus acmhainní idirlín, lena n-áirítear pribhléidí rochtana a tharraingt siar agus, i gcásanna tromchúiseacha, fionraí nó díbirt. Forchoimeádann Coláiste Oiriall an ceart aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha a thuairisciú do na húdaráis chuí.
Na Meáin Shóisialta agus seirbhísí teachtaireachtaí don Fhoireann agus do Scoláirí
Ní ceadmhach d’aon bhall de phobal scoile Choláiste Oiriall na meáin shóisialta, seirbhísí teachtaireachtaí ná an t-idirlíon a úsáid ar bhealach ar bith chun ciapadh, pearsanú, maslú, mí-úsáid nó clúmhilleadh a dhéanamh ar dhaoine eile. Ní ceadmhach don fhoireann ná do scoláirí eolas pearsanta faoi scoláirí, baill foirne agus baill eile de phobal na scoile a phlé ar na meáin shóisialta
Ní ceadmhach do bhaill foirne ná do scoláirí seoltaí ríomhphoist scoile a úsáid chun cuntais phearsanta ar na meáin shóisialta a bhunú ná chun cumarsáid a dhéanamh trí na meáin sin. Ní ceadmhach don fhoireann ná do scoláirí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na meáin shóisialta a d'fhéadfadh droch-cháil a tharraingt ar an scoil
Ardáin Foghlaim Dhigiteach (lena n-áirítear físchomhdháil)
Tá ardán foghlaim dhigiteach Choláiste Oiriall, Microsoft Teams, á bhainistiú agus á chothabháil ag Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin thar ceann na scoile. Tá seoladh ríomhphoist Outlook ag gach scoláire a cruthaíodh dóibh mar chuid d'ardán na scoile. Tugann sé sin rochtain dóibh ar na ceadúnais agus ar na haipeanna go léir in Office 365 saor in aisce. Féadfaidh scoláirí an ceadúnas seo a úsáid ar suas le 5 ghléas. Ní gá do thuismitheoirí ceadúnais aonair, Word, Powerpoint, Excel srl a cheannach. Cuirtear aipeanna nua le cuntais na scoláirí go rialta chun cabhrú leo le tionscnaimh nua sa seomra ranga.
Cianfhoghlaim
Nuair a thugtar cuireadh do scoláirí teacht isteach nó nuair a chuirtear isteach ar Team iad chun an chianfhoghlaim a éascú, is ionann é agus a bheith sa rang. Ní féidir le scoláirí roghnú go n-imeoidh siad as Team nuair a bheidh ceann cruthaithe ag múinteoir. Agus Teams nó aon idirghníomhaíocht eile ar líne á n-úsáid acu, ní mór do scoláirí i gcónaí, a n-ainm féin agus pictiúr cuí cuntais a úsáid. Ní dhéanfaidh múinteoirí comhfhreagras agus teagmháil ach le scoláirí a bhíonn ag úsáid a gcuntais Choláiste Oiriall agus a bhíonn logáilte isteach ann
Ní ceadmhach do scoláirí aon teanga a úsáid atá dírithe ar chomhscoláire nó ar mhúinteoir atá ionsaitheach / bagrach nó maslach. Is trí mheán na Gaeilge amháin a bheidh an chumarsáid ar fad ar líne, cé is moite de na ranganna teanga eile.
Aon iompar nó teanga a mheastar a bheith míchuí le linn na scoile, meastar é a bheith amhlaidh ar líne fosta. Le linn ceachtanna beo, caithfidh feisteas na scoláirí a bheith oiriúnach, agus níor cheart dóibh ach cúlraí Microsoft Teams a úsáid. Níl cead ag scoláirí ranganna beo a thaifeadadh ná gabhálacha scáileáin a ghlacadh ná níl cead acu ábhar a roinnt (Taispeántais Chumhachtphointe, nótaí, físeáin srl.) a chruthaíonn múinteoir
Ní féidir le tuismitheoirí faoi chúinsí ar bith páirt a ghlacadh i ranganna ar líne ar chúiseanna a bhaineann le Cosaint Leanaí agus RGCS. Ba chóir do scoláirí an fheidhm Balbhú a fhágáil ar siúl le linn ranganna, an fheidhm Lámh Ardaithe a úsáid chun ceist a chur agus an fheidhm Comhrá chun ceist scríofa a chur nó tuairim a thabhairt. Is trí OneNote a chuirtear Obair Baile agus tascanna eile faoi bhráid an mhúinteora (mura bhfaigheann scoláirí malairt comhairle ó mhúinteoirí).
Íomhánna & Físeáin
Ba chóir a bheith cúramach agus íomhánna grianghrafadóireachta nó físe á nglacadh ionas nach mbíonn scoláirí inaitheanta (gan aon ainmneacha luaite srl). Ba chóir a bheith cúramach fosta agus íomhánna grianghrafadóireachta nó físe á nglacadh acu, go bhfuil scoláirí cóirithe go cuí agus nach bhfuil siad páirteach i ngníomhaíochtaí a d'fhéadfadh droch-cháil a tharraingt ar na daoine aonair nó ar an scoil. Ní ceadmhach do scoláirí ná don fhoireann íomhánna de dhaoine eile a ghlacadh, a úsáid, a roinnt, a fhoilsiú ná a dháileadh gan cead a fháil uathu.
Ní cheadaítear grianghraif nó físeáin a thógáil ar thailte na scoile ná nuair a bhíonn páirt á glacadh i ngníomhaíochtaí scoile ach amháin le cead soiléir ón fhoireann. Ní ceadmhach do scoláirí ná don fhoireann íomhánna, físeáin ná ábhar eile a ghlacadh ná a roinnt ar líne agus é i gceist acu dochar a dhéanamh do bhall eile de phobal na scoile is cuma cé acu a tharlaíonn sé sin ar scoil nó lasmuigh di.
Is iompar doghlactha, mídhleathach agus iomlán toirmiscthe é íomhánna follasacha a roinnt, agus go háirithe íomhánna follasacha de scoláirí agus/nó de mhionaoisigh, agus beidh iarmhairtí agus smachtbhannaí tromchúiseacha i gceist dóibh siúd lena mbaineann. Trí íomhánna follasacha de scoláirí eile a roinnt, tabhaíonn siad fionraí go huathoibríoch mar smachtbhanna agus déanfar iad a thuairisciú do na húdaráis chuí.
Múinteoirí
Sannfaidh múinteoirí áiteanna ar leith sa Ríomhlann agus sannfaidh siad gléasanna ar leith ó na tralaithe soghluaiste sa seomra ranga. Déanfaidh múinteoirí iarracht maoirseacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann scoláirí as ríomhairí i gcónaí. Mar sin féin, tá sé de fhreagracht ar an scoláire gníomhú go freagrach agus ríomhaire nó gléas scoile eile á úsáid.
Cinnteoidh múinteoirí go mbeidh úsáid idirlín na scoláirí pleanáilte, tasc-dhírithe agus oideachasúil i dtimpeallacht atá rialáilte agus bainistithe.
Cibearbhulaíocht
Is é is cibearbhulaíocht ann ná úsáid na teicneolaíochta chun bulaíocht a dhéanamh ar dhuine agus é ar intinn iad a ghortú, a náiriú nó imeagla a chur orthu. Isiomaí cineál bulaíochta atá ann lena n-áirítear eisiamh ar líne, teachtaireachtaí/íomhánna nimhneacha, teachtaireachtaí/ríomhphoist mhaslacha, aithris a dhéanamh ar dhuine ar líne, srl. Is féidir cibearbhulaíocht a shainmhíniú mar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí ionsaitheach nó nimhneach aonuaire a chur ar shuíomh líonra sóisialta nó ar fhóram poiblí eile inar féidir le daoine eile an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil agus/nó a athdhéanamh agus measfar gur iompar bulaíochta é sin.
Ós rud é go n-úsáideann cibearbhulaíocht teicneolaíocht chun iompar bulaíochta a bhuanú agus nach gá teagmháil duine le duine a dhéanamh, is féidir le cibearbhulaíocht tarlú am ar bith (lá nó oíche). Is féidir go leor cineálacha bulaíochta a éascú trí chibearbhulaíocht. Mar shampla, d'fhéadfaí teachtaireachtaí téacs homafóbach a sheoladh chuig duine áirithe nó d'fhéadfaí pictiúir a phostáil le tuairimí diúltacha faoi ghnéasacht, cuma duine srl.
Ciallaíonn rochtain ar theicneolaíocht gur féidir leis an chibearbhulaíocht tarlú i rith an ama agus b'fhéidir nach tearmann sábháilte ón bhulaíocht sin fiú teach na scoláirí. Ciallaíonn nádúr na dteicneolaíochtaí seo gur féidir le lucht féachana an-leathan ábhar digiteach a roinnt agus a fheiceáil beagnach láithreach agus tá sé beagnach dodhéanta é a scriosadh go buan. Cé go mbíonn an chibearbhulaíocht ar siúl go minic nuair a bhítear sa bhaile agus san oíche, is féidir an tionchar a mhothú ar scoil fosta.
Agus an t-idirlíon á úsáid, bítear ag súil go gcaithfidh scoláirí, tuismitheoirí agus baill foirne go measúil le daoine eile i gcónaí. Is iompar doghlactha agus toirmiscthe amach is amach é páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar líne agus é ar intinn dochar, ciapadh, nó náire a chur ar scoláire nó ar bhall foirne eile, agus beidh iarmhairtí agus smachtbhannaí i gceist dóibh siúd lena mbaineann.
Rinne Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall an polasaí seo a leasú, a athbhreithniú agus a fhaomhadh ar an 6ú Meán Fómhair 2022.
Sínithe: _________________________ Dáta: 6ú Meán Fómhair 2022
(Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta)
Sínithe: _________________________ Dáta: 6ú Meán Fómhair 2022
(Príomhoide)
Dáta an chéad athbhreithnithe eile: 2024