Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897

+353 (0) 47 72344

eolas@oiriall.ie

Beartas Freastail Choláiste Oiriall

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN: ENGLISH

Réamhrá

Tugann an tAcht Oideachais (Leas), 2000 creatlach chuimsitheach le haghaidh freastal rialta scoile a chur chun cinn. Faoin Acht,  caithfidh gach dalta freastal ar scoil go rialta go dtí go mbeidh siad sé bliana déag nó ar a laghad trí bliana oideachais a dhéanamh in iar-bhunscoil, cibé acu a thagann go deireanach.

Féachann Coláiste Oiriall chuige go bhfaigheann a chuid daltaí uile oideachas a thabharfaidh oiread deiseanna agus is féidir le go mbainfidh gach dalta barr feabhais amach. Déanann Coláiste Oiriall an-iarracht timpeallacht fháilteach gheanúil a chruthú ina mothaíonn gach ball de phobal na scoile go bhfuil siad ag teastáil agus slán. Oibríonn na baill foirne uile leis na daltaí agus a dteaghlaigh lena chinntiú go bhfreastalaíonn gach dalta go rialta agus go poncúil.

Leagtar síos sa pholasaí seo spriocanna agus cuspóirí foriomlána Choláiste Oiriall maidir le freastal ar bhealach a bheidh ag teacht  lenár ráiteas misin. Leagtar síos fosta na straitéisí a úsáideann muid chun leibhéil arda freastal a chur chun cinn sa scoil,drochfhreastal a chosc, idirghabháil luath a dhéanamh i gcás ina dtagann deacrachtaí freastal chun cinn agus tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn ar ábhar imní í an dóigh a bhfuil siad ag freastal.

Aidhmeanna agus Cuspóirí

  • A chinntiú gur tosaíocht é an tinreamh agus an phoncúlacht ag gach páirtí leasmhar sa scoil ar a n-áirítear daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí.
  • Creatlach a fhorbairt a shainíonn róil agus freagrachtaí aontaithe agus a chothaíonn comhsheasmhacht maidir le cur i gcrích tascanna ainmnithe.
  • Tacaíocht, comhairle agus treoir a sholáthar do thuismitheoirí agus do dhaltaí.
  • Cur chuige córasach a fhorbairt i dtaca le sonraí a bhailiú a bhaineann le tinreamh agus anailís a dhéanamh orthu.
  • Breis forbartha a dhéanamh ar chóras luaíochtaí agus smachtbhannaí.
  • Riachtanais an dalta aonair a aithint le linn saincheisteanna atá bainteach le freastal a láimhseáil nó athimeascadh a phleanáil i ndiaidh tréimhse fhada asláithreachta.

Ag Feabhsú Rannpháirtíocht na Mac Léinn

Tá timpeallacht scoile tacúil, dearfach agus fáilteach againn. Tá a fhios againn an taábhacht a bhaineann le riachtanais an pháiste aonair a aithint agus tá straitéisí fóirsteanach i bhfeidhm a thabharfaidh aghaidh ar riachtanais aitheanta. Tá tábhacht ag baint le hidirghabháil luath a thairiscint chomh maith le tacaíocht phearsanta agus rannpháirtíocht le teaghlaigh agus lena gcuid páistí. Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann le hidirghabhálacha pobail a choinníonn ar bun na naisc leis an scoil, an mac léinn, an teaghlach agus an pobal, ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna pearsanta agus praiticiúla maidir le tarraingt siar.

Treoirphrionsabail

Tá tiomantas Choláiste Oiriall i leith freastail mar ghné thábhachtach dár n-éiteas. Tá cultúr againn ina mbíonn muid ag súil le caighdeán ard maidir le foghlaim a, rannpháirtíocht agus freastal gach mac léinn. Creideann muidne go bhfuil tionchar ag gach réimse den taithí atá ag mic léinn ar scoil ar a rannpháirtíocht agus ar a bhfreastal. Aithníonn  muid a chasta is atá saol roinnt mac léinn agus na deacrachtaí atá acu agus cuireann muid béim ar an chomhoibriú le tuismitheoirí chun leibhéil arda freastail a bhaint amach.

Aithníonn an scoil cumas gach dalta freastal ar scoil, foghlaim go maith agus torthaí maithe a bhaitn amach. Ceisteann muid steiréitíopaí a ghlacann leis go mbeidh fadhbanna maidir le freastal agsu foghlaim i gcónaí ag mic léinn ó chúlraí áirithe nó a bhfuil taithí faoi leith acu. Tá sé mar aidhm againn tógáil ar an bhonn tuigbheál go bhfuil freagracht phearsanta orthu as a gcuid foghlam féin agus le bheith ar scoil gach lá.

Cur chuige uile-scoile

Ciallaíonn cur chuige uile-scoile i leith freastail go n-oibríonn éiteas, beartais agus cleachtais go comhsheasmhach le chéile chun tacú le dea-fhreastal, go bhfuil freastal mar chuid rialtade phleanáil agus de chaibidil, go n-oibríonn an bhainistíocht agus an fhoireann mar fhoireann agus go mbíonn comhsheasmhach acu i leith freastail agus go mbíonn tuismitheoirí agus daltaí mar chuid de phobal cuimsitheach scoile agus go mbíonn deiseanna acu cur leis an bheartas freastail.

Caighdeáin a chur in iúl

Leag Coláiste Oiriall síos na caighdeáin a bhfuiltear ag súil leo maidir le freastal. Tá na caighdeáin seo soiléir agus tá sé mar aidhm acu freastal iomlán gach dalta a chur chun cinn. Cuirtear iad in iúl do gach ball den phobal scoile.  Cuireann muid eolas ar fáil maidir leis an dóigh chun neamhláithreachas dalta a chur in iúl don scoil agus an dóigh a phléann an scoil le neamhláithreachas ina dhiaidh sin.

Monatóireacht agus Taifeadadh a dhéanamh ar Fhreastal Scoile

Tá dóigheanna curtha le chéile againn chun daltaí a shainaithint atá i mbaol agus chun cloí leis an riachtanas seo coinníonn muid taifid chruinne de gach neamhláithreachas dalta agus gach uair a theipeann ar dhalta freastal. Bailíonn, tomhasann agus déanann muid anailís ar freastal ar fud na scoile,patrúin ranga nó bliainghrúpa agus leanann muid patrúin freastail anoir fosta.

Tá muid airdeallach maidir le patrúin drochfhreastail atá ag teacht chun cinn agus bíonn muid eolach ar dhaltaí agus ar ghrúpaí daltaí a bhfuil a bhfreastal ina ábhar buartha. Tá muid eisceachtúil airdeallach faoi dhaltaí a bhfuil leochaileacht bhreise acu mar gheall ar dhorchfhreastal. Nuair a scrúdaítear patrúin,d’fhéadfaidís amanna an lae, na seachtaine nó na scoilbhliana a n-imríonn drochfreastal tionchar as bealach mór orthu. Is féidir leis na patrúin a léiriú na hidirghabhálacha a d’fhéadfadh an scoil a chur i bhfeidhm chun neamhláithreachas a laghdú.

Úsáideann muid córas ríomhairithe VSware, córas daingean a choinníonn taifid chruinne agus chuimsitheacha freastail.Déanann muid taifead cruinn de fheastail ag tús gach maidne.  Glaonn muid an rolla i ngach rang i ngach seomra ranga, áit a dhéantar taifead agus monatóireachta ar fhreastal agus ar mhínithe ar neamhláithreachas 

Dea-fhreastal Scoile a chur chun cinn

Tá sraith beartais agus straitéisí freastal againn a chuireann dea-fhreastal chun cinn i measc gach dalta. Cuidíonn siad seo le cosc a chur ar fhás phatrúin drochfhreastail agus thig leo cuidiiú le saincheisteanna freastail atá ag teacht chun cinn a shainaithint. San áireamh sna straitéisí seo tá múscailt ghinearálta feastactha agus ardionchais a leagan, plé le tuismitheoirí  nuair a bhíonn ardionchais aá leagan, córais luaíochta, taifead a dhéanamh ar fhreastal i dtuairiscí scoile daltaí agsu deabhú dearfach freastail nuair a ghlaotar an rolla.

Cuireann muid gníomhaíochtaí seach-churaclaim mar spórt, ceol,díospóireachtaí agus ealaí ar fáil. Creideann muid go dtacaíonn na gníomhaíochtaí seo le daltaí freastal ar scoil, go háirithe nuair a fhreastalaíonn siad ar ábhair spéise ar leith na ndaltaí atá thíos le deacrachtaí freastail agus nuair a bhíonn said sceidealaithe d’amanna na seachtaine scoile nuair a bhíonn patrúin drochfhreastail soiléir.

Cuireann cumhachtú daltaí trí ghuth a thabhairt dóibh sa scoil agus sa phobal, cuireann sé le rannpháirtíocht daltaí i saol na scoile agus d’fhéadfadh buntaistí eascairt as maidir le freastal ar scoil. Spreagtar gach dalta i gColáiste Oiriall plé le struchtúir cheannaireachta sa scoil agus sa phobal. Thiocfadh le daltaí a bhfuil deachrachtaí freastal acu a bheith ag mothú scartha ó na struchtúir seoach tugann an Príomhoide agus na múinteoirí gach spreagadh páirt a ghlacadh iontu.

Ag freagairt do dhrochfhreastal

Déanann Coláiste Oiriall gach iarracht chun teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí nuair a thagann fadhbanna freastail scoile chun cinn agus comhoibríonn muid leo chun iaracht a dhéanamh tuiscint a fháil ar na himthosca  taobh istigh agus taobh amuigh den scoil a dhéanann difear do chúrsaí freastail scoile. Tá sé millteanach tábhachtach dul i mbun plé le tusimitheoirí go luath chun a chinntiú nach leanann drochfhreastal scoile ar aghaidh.

Labhrann an Ceann Bliana nó an Tréadchúramóir leis an tuismitheoir le teacht ar an chúis agus béim a chur ar an dochar a dhéantar do dheiseanna foghlama an pháiste má bhíonn siad mall nó má bhíonn rátaí drochfhreastail acu. Tugann muid cuireadh do thuismitheoirí chuig cruinniú, áit a phléann muid cúrsaí drochfhreastail agus an fhreagracht atá ar thuismitheoirí. Cuireann muid ceist ar thuismitheoirí cén tacaíocht a bhíonn de dhíth orthu chun a chinntiú go dtíg lena bpáiste freastal ar scoil. Faigheann muid leargas ar chuinsí sa bhaile gur féidir cur isteach ar fhreastal scoile trí theagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí. Cuidíonn muid le daltaí suim a chothú san fhoghlaim arís agus breith suas ar ábhar atá caillte acu.

Freagrachtaí na Scoile

Cuireann an scoil an tOifigeach Leasa Oideachais ar an eolas nuair nach ndéanann scoláirí freastal rialta ar scoil agus nuair a chailleann scoláirí níos mó ná 20 lá. Nuair a fhaightear amach go mbíonn neamhláithreachas scoile ceangailte le ceisteanna mothúchánacha, sóisialta, foghlama nó deacrachtaí den chineál sin, féachfaidh Coláiste Oiriall le beartas a chur i bhfeidhm chun déileáil leis na deacrachtaí sin.  Thiocfadh taifead tinrimh a úsáid mar chuid de theistiméireacht faoi charachtar.

Tuismitheoirí

Tá freagracht ar thuismitheoirí a bpáiste/a bpáistí a chur ar scoil go dtí go mbeidh siad 16 bliana d’aois, é sin nó go dtí go mbeidh trí bliana d’oideachas iarbhunscoile déanta acu cibé cé acu is déanaí. Ba cheart do dhalta freastal ar scoil gach lá. Is é freagracht na dtuismitheoirí a chinntiú nach gcailleann a mac/iníon lá scoile ach amháin le linn tinnis nó tosca ‘dosheachanta’. Ba chóir coinní leighis/fiaclóireachta a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta scoile nuair is féidir. Níor chóir daltaí a bhaint amach as an scoil le linn am téarma le haghaidh laethanta saoire.

Má chailleann dalta lá ar scoil is ar chrann an tuismitheora a thiteann sé a chur in iúl do Choláiste Oiriall faoina asláithreacht. Is féidir teachtaireacht ghutháin a chur chuig oifig na scoile. Caithfidh nóta scríofa mínithe óna dtuismitheoir bheith ag daltaí atá ag filleadh chun na scoile i ndiaidh dóibh bheith as láthair. Tá spás fágtha le haghaidh na nótaí seo i ndialann an dalta. 

Ba cheart do thuismitheoirí a chinntiú go mbíonn a gcuid páistí ar scoil in am.  Ba chóir do dhaltaí an scoil a shroicheadh 5 bhomaite roimh idir thús an lae scoile – ag 8.40 r.n. ar an chuid is moille. Tugann sin am dóibh dul chuig a dtaisceadán agus na leabhair agus an trealamh atá de dhíth orthu dá gcuid ranganna a eagrú.

Is é polasaí na scoile go gcoinneofar daltaí siar má bhíonn siad mall ar scoil roinnt uaireanta. Cuirtear an géibheann seo in iúl do thuismitheoirí trí litir ón Cheann Bliana. Aithnítear go bhféadfadh sé go mbeadh tosca dosheachanta i gceist nuair a thiocfaidh dalta isteach go mall m.s. deacrachtaí taistil. Bíonn an scoil solúbtha maidir le ceisteanna den chineál sin agus oibríonn sí i gcomhar leis na tuismitheoirí agus an dalta chun aon tacaíocht is féidir a thabhairt.

An tOifigeach Tinrimh

Tá an tOifigeach Tinrimh freagrach as cur i bhfeidhm éifeachtach Bheartas Tinrimh agus Poncúlachta na scoile. Tá an tOifigeach Tinrimh freagrach as na tuairisceáin tinrimh chuí a sheoladh ar ais chuig an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (NEWB). Gheobhaidh sé tacaíocht ina chuid oibre ó bhainistíochta na scoile.

Déanfaidh an tOifigeach Tinrimh monatóireacht ar an tinreamh i gcomhar leis na Cinn Bhliana agus cinnteoidh siad luath-idirghabháil má aithnítear go bhfuil fadhb ann. Úsáidfidh an tOifigeach Tinrimh litreacha caighdeánacha na scoile le dul i dteagmháil le tuismitheoirí/ caomhnóirí daltaí a bhíonn mall go minic don scoil.

Is é an an tOifigeach Tinrimh i bpáirt leis na Cinn Bhliana atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar phatrúin tinrimh agus phoncúlachta trasna an bhliainghrúpa.  Rachaidh an tOifigeach Tinrimh i dteagmháil le tuismitheoirí mar a mbíonn patrún asláithreachta nó moille le brath. Tugann an tOifigeach Tinrimh tacaíocht do Thréadchúramóirí a chinntiú go bhfaightear míniú ar gach cás asláithreachta i nóta ó thuismitheoirí. I roinnt bheag cásanna is féidir go mbeadh deacracht ag an Tréadchúramóir teacht ar nóta ón bhaile.  Más cuí rachaidh an tOifigeach Tinrimh i gceann an phlé le cinntiú go mínítear an asláithreacht seo. 

Cuirfidh an tOifigeach Tinrimh agus/nó an fhoireann bainistíochta smachtbhannaí don mhoille i bhfeidhm de réir Chód Iompair na Scoile. Cuirfidh an tOifigeach Tinrimh in iúl do thuismitheoirí trí litir nuair a bhíonn thart ar 15 chás neamhláithreachta ag dalta, go n-eiseofar ar ball tuairisc chuig an Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais, má leanann an patrún ar aghaidh.  Cuirfear litir eile chuig tuismitheoirí níos moille má/nuair a chuirfear tuairisc chuig an Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais. Tá an scoil tuisceanach maidir le riachtanais phearsanta agus tosca a cuid daltaí agus tuigtear go mbíonn spreagadh ag teastáil ó roinnt daltaí le teacht ar scoil go rialta.

An Múinteoir Ábhair

Is é an Múinteoir Ábhair atá freagrach as rolla a ghlaoch ag tús gach ranga ag úsáid an bhogearra, VSware.  Is féidir na taifid seo a chur ar fáil do Chinn Bhliana, Príomhoide nó Príomhoide Tánaisteach dá dtarlódh sé in am ar bith go mbeadh ceist ann faoi thuairisc dhalta. Le linn an ama sin, ba chóir don Mhúinteoir Ábhair leanúint den asláithreacht agus nótaí ó thuismitheoirí ag míniú na gcásanna seo a bhailiú.

Ba chóir do Mhúinteoirí Ábhar a rá leis an Cheann Bliana má thagann patrún asláithreachta/ moille chun cinn i dtaca le dalta ar bith ina ngrúpa. Is féidir leis an Mhúinteoir Ábhair a leithéid sin de bhuaireamh a chur in iúl do thuismitheoir trí dhialann an dalta. 

Straitéisí chun Rannpháirtíocht Daltaí a Chur chun Cinn

Aithníonn an scoil go mbíonn ardtinreamh ann nuair a mhothaíonn daltaí sona, sábháilte agus páirteach i saol phobal na scoile. Is trí rannpháirtíocht iomlán gach dalta i ngach gné de shaol na scoile agus trí fhéachaint chuige go gcothaítear a bhforbairt phearsanta, dea-shaoránacht agus dul chun cinn acadúil is ea is mian linn patrúin tinrimh a uasmhéadú.  Is rún linn sin a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

  • Curaclam

Cuireann an scoil réimse leathan ábhar ar fáil ar an tSraith Shóisearach agus Shinsearach. Ofráiltear fosta Clár cuimsitheach Idirbhliana. Bíonn tacaíocht Chomhairleoir Treoirghairme agus teagasc bunaithe ar acmhainní ar fáil do dhaltaí nuair is/más gá.

  • Modheolaíochtaí

Trí theagasc an churaclaim déanann an múinteoir iarracht réimse modheolaíochtaí a úsáid a spreagann agus a éascaíonn rannpháirtíocht na ndaltaí uile. Déantar cinnte go mbíonn difrealú i ngach rang le freastal ar gach dalta. Soláthraíonn an bhainistíocht scoile forbairt mhúinteoirí agus tacaíonn siad léi trína dhéanamh éasca acu freastal ar chúrsaí inseirbhíse agus trí laethanta oiliúna foirne a thairiscint.

  • Comhchuraclaim

Freastalaíonn clár comhchuraclaim/seach-churaclaim Choláiste Oiriall ar réimse leathan spéiseanna sa dóigh is go n-uasmhéadófar rannpháirtíocht daltaí.  I measc an réimse gníomhaíochtaí a thairgtear áirítear spóirt, drámaíocht, cuairteanna, clubanna am lóin, feasacht charthanachta agus turais allamuigh.

  • Tréadchúramóir/Ceann Bliana

Spreagann an t-atmaisféar comhbhách ranga a chothaíonn an Tréadchúramóir spreagann sin fosta lánpháirtíocht i saol na scoile. I gcomhar leis an Cheann Bliana, bíonn ról ag an Tréadchúramóir meanma mhaith ranga a chothú a chuireann cairdeas agus foghlaim chun cinn. 

  • Rannpháirtíocht Tuismitheoirí

Fáiltítear roimh ionchur tuismitheoirí trí na bealaí éagsúla atá ar fáil dóibh m.s. Cumann Tuismitheoirí. Reáchtáiltear Cruinnithe Tuiste-Oide agus cruinnithe bainteacha eolais go rialta le linn na scoilbhliana. 

  • Tionscnaimh

Tá roinnt tionscnamh curtha in áit chun dea-thinreamh agus dea-phoncúlacht a spreagadh. Bronntar duaiseanna go bliantúil ar son taifead tinrimh neamhbhriste.  Cuireann oidí i gcuimhne do dhaltaí go rialta go gcaithfidh siad a bheith ag a gcuid ranganna in am. Tá Dialann an Dalta deartha le cuidiú le tuismitheoirí agus daltaí déileáil le hasláithreachas agus le moille go héasca agus go héifeachtúil.

 

Rinne  Bord Bainistíochta Choláiste Oiriall an polasaí seo a leasú, a athbhreithniú agus a fhaomhadh ar an Meán Fómhair 2022.

 

Sínithe: _________________________            Dáta: 6ú Meán Fómhair 2022

(Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta) 

 

Sínithe: _________________________            Dáta: 6ú Meán Fómhair 2022

(Príomhoide)

 

Dáta an chéad athbhreithnithe eile: 2024

 

Oiriall Twitter

Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, H18 W897  eolas@oiriall.ie  +353-(0) 47 72344