Mar chuid den iarratas don darna brat glas, d’eagraidh an Coiste Glas “Lá Gníomhaíochta na dTroitheán” (Pedal Day of Action). Chuir siad fáilte roimh Gavin Harte ón Ionad Oiliúna um Fhorbairt Inbhunaithe
(Training Education for Sustainable Development) chun na scoile Dé Céadaoin seo chuaigh thart. Ghlac gach scoláire ón chéad bhliain go dtí an cúigiú bliain páirt i gceardlanna idirghníomhaíocha bunaithe ar úsáid fuinnimh, ar ghiniúint fuinnimh agus ar athrú aeráide. Ar an lá, socraíodh 6 rothar seasmhacha ar sheastáin, ceanglaíodh iad le gineadóir, agus iarradh ar scoláirí a bheith ag rothaíocht chun leictreachas a ghiniúint ionas go mbeadh Gavin ábalta úsáid a bhaint as an ríomhaire glúine, teilgeoir, micreafón agus na callairí.
The Green Flag Committee in Coláiste Oiriall organised a Pedal Day of Action last Wednesday as part of their campaign to achieve a second Green Flag. Gavin Harte from Training Education for Sustainable Development co-ordinated the interactive workshops which catered for all students between First and Fifth Year. Six stationary bicycles were connected to a generator and students had to cycle continuously to generate sufficient electricity to power the facilitator’s laptop, projector and microphone. The bicycles were kindly lent to the school by Frank McDonald, father of Hugh Mac Domhnaill, a second year student.
Ag am lóin, ghlac an Coiste Glas páirt i gceardlann speisialta agus thaispeáin Gavin dóibh conas cumascóir leictreach agus seinntóir dlúthdhiosca a nascadh leis an chóras giniúna. Bhain siad an-taitneamh as an gcóisír bheag seo agus bhí siad lán-sásta leis na smoothies a rinne siad fhuinneamh troitheáin!
Ba mhaith leis an Choiste Ghlas a mbuíochas a chur in iúl do Hugh Mac Domhnaill sa darna bliain agus a athair, Frank, a thug isteach sé rothar dúinn le húsáid ar an lá agus ba mhaith leo a mbuíochas fosta a chur in iúl don Chomhairle Contae as an deontas a chur siad ar fáil chun an lá a eagrú. Tá súil leis acu fosta go nglacfaidh na scoláirí ceachtanna beaga ón lá leo agus go mbeidh siad airdeallach faoin úsáid fuinnimh ina saol ó lá go lá.
Six Coláiste Oiriall fifth year students cycling on stationary bicycles to create sufficient energy to power the renewable energy workshop presentation by Gavin Harte.