There were scenes of jubiliation in Killeavy when Coláiste Oiriall Under 14 ½ team won the Ennis Cup when they defeated St. Patrick’s, Banbridge by four points on a scoreline of 3-10 to 4-3 in windswept conditions.
Jimmy Smyth, chairman of the Ulster Schools’ GAA, presented the Cup to joint captains, Jeaic Ó Cearbhalláin and Cillian Ó Haicéad – two very deserving recipients.
Before getting a chance to settle down Coláiste Oiriall found themselves two goals down but gradually clawed their way back into the match although they were guilty of some poor shot selection particularly early on in the game. Jeaic Ó Cearrbhalláin and Niall Ó Mocháin scored a goal each with four further points coming from Jeaic. Cillian Ó Haicéad scored a goal in extra time, which proved to be the cushion the Oiriall lads needed to hold on. He had earlier scored two points.
Fionnán Ó Gallchóir scored two points including a crucial free kick deep in the second half of extra time. The remaining four points came one each from Bobby Mac Camhaoil and Éanna Ó hAilín and two from Maitiú Ó Cearrbhalláin. There were impressive defensive displays from Seán Ó Carthaigh, Neal Ó Coigligh and Aodán Ó Dughaill.
When the referee blew up for normal time the Oiriall boys appeared frustrated and confused about a number of refereeing decisions and were anxious to nail this victory. Over the eighty minutes of football, Coláiste Oiriall probably had 70% of the possession. Despite injuries, the bitter cold and the unpredictable crosswinds they showed great character to draw away from St. Patrick’s in extra time.
Bhí drochthús amach ag Coláiste Oiriall agus dhá chúl bog scóráilte acu go gairid i ndiaidh a chéile agus cé go ndearna an cúlbaire, Oisin Ó Raghallaigh botún bhí cluiche fíormhaith aige ar an iomlán agus rinne sé roinnt sábháiltí tábhachtacha a choinnigh muid sa rása.
Ag leatham bhí Droichead na Banna chun tosaigh le pointe amháin 3-1 in aghaidh 1-6. Fuair Droichead na Banna ceithre scór as cúig ionsaí. Scóráil Jeaic Ó Cearbhalláinn 1-4. Tháinig an cúil nuair a thiomáin sé an liathróid isteach go barr na heangaí. Scóráil a dheartháir óg, Maitiú dhá phointe fosta.
Scóráil Fuair Niall Ó Míochán cúl den scoth mall go maith sa chéad leath i ndiaidh dó cuid mhaith den obair a dhéanamh é féin. Thosaigh sé an t-ionsaí agus é trí mheadar déag amach thug sé pas do Fhionnán Ó Gallchóir a thug díreach ar ais do Niall é agus thiomáin sé isteach san eangach é gidh go raibh triúr de chuid Dhroichead na Banna ar an líne.
D’fhág sin Coláiste Oiriall pointe chun tosaigh agus d’fhan sé mar sin go dtí trí bhomaite isteach in am cúitimh nuair a fuair Droichead na Banna an ceann deireanach de shraith ciceanna saora agus scóráil siad é chun an cluiche a chothromú 4-2 in aghaidh 2-8 agus séideadh an fheadóg. Bhí na himreoirí briste brúite,nimhneach agus gortaithe ach thug siad a n-aghaidh ar an fhiche bomaite d’am breise níos muiníní agus níos misniúla ná ariamh.
In am breise scóráil Cillian Haicéad cúl cé gur baineadh gortú dó. Fuair sé ceithre phointe fosta. Scóráil Jeaic Ó Cearbhalláin pointe agus fuair Fonnán Ó Gallchóir pointe ó chic saor. Bhí Ó Gallchóir cliste, cruinn agus gasta agus in amanna d’oscail sé suas Droichead na Banna. Bhí pointe eile faighte aige níos luaithe sa chluiche. D’aimsigh Eanna Ó hAilín agus Bobby Mac Camhaoil pointe an duine fosta. Chuaigh Oisin Ó Conghaile isteach in áit Bobby Mac Camhaoil agus nuair a phill Bobby baineadh Oisin den pháirc. Ghlac Liam Ó hAmaill áit Niall Uí Mhíocháin a bhí gortaithe.
Bhí Coláiste Oiriall anuas go dtí ceathrar déag don chuid deireanach den chluiche mar gur cuireadh Reuben Ó Sirideáin den pháirc nuair a fuair sé an dara cárta buí. Bhí Reuben mar bhalla cosanta ann agus tosaí dainsearach de chuid Dhroichead na Banna ar an ionsaí ach ní bhfuair sé thart ar Reuben. Choinnigh Mark Ó Cleirchín an brú ar chiceanna amach Dhroichead na Banna agus choinnigh sé lena fhear. Bhí Aodán Ó Dughaill, Seán Ó Carthaigh, Neal Ó Coigligh láidir sa chosaint. Rinne Donncha Ó hAnluain nasc maith idir na cúlaithe agus na tosaithe.